01/08/15

€31,239 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag an Aire Stáit McHugh

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta,  Joe McHugh T.D., go  bhfuil deontas €31,239 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích ar na hallaí seo leanas: Halla an Mháimín, Halla na Muirí agus Halla Ghort Caide Gharrarois, Baile an Fheirtéaraigh, lena gcur in oiriúint do Choláistí Gaeilge.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit:

Tá áthas orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ionas go mbeidh áiseanna sábháilte den scoth ar fáil do na scoláirí a bhíonn ag freastal ar a gcuid cúrsaí. Cuireann na cúrsaí a eagraíonn siad go mór le heacnamaíocht an cheantair chomh maith le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.

Críoch

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service