€31,239 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag an Aire Stáit McHugh
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas €31,239 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích ar na hallaí seo leanas: Halla an Mháimín, Halla na Muirí agus Halla Ghort Caide Gharrarois, Baile an Fheirtéaraigh, lena gcur in oiriúint do Choláistí Gaeilge.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit:
“Tá áthas orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ionas go mbeidh áiseanna sábháilte den scoth ar fáil do na scoláirí a bhíonn ag freastal ar a gcuid cúrsaí. Cuireann na cúrsaí a eagraíonn siad go mór le heacnamaíocht an cheantair chomh maith le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.”
Críoch