01/02/15

01/02/2015 : Déanann an tAire Humphreys comhghairdeas le Jack Reynor ar a ghradam Sundance

Dé Domhnaigh, 1 Feabhra 2015—Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., comhghairdeas ó chroí tráthnóna inniu leis an aisteoir Éireannach, Jack Reynor, as gradam speisialta an ghiúiré don aisteoireacht a bhuachan ag Féile Scannán Sundance as a pháirt i Glassland.

Agus í ag labhairt tráthnóna inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"Is mór an éacht é seo do Jack Reynor, a bhfuil a chumas iontach aisteoireachta cruthaithe aige le blianta beaga anuas. Is mór an gradam é do Jack agus, go deimhin, do thionscal scannán na hÉireann.

"Tá iomrá Jack ag dul go mór i méid ón gcéad pháirt mhór a bhí aige in What Richard Did in 2012, agus is cinnte gur i méid a bheidh a cháil ag dul mar thoradh ar an ngradam Sundance seo.

"Is dea-scéala freisin do Glassland é an gradam seo agus é ar tí teacht amach anseo in Éirinn. Cheana féin tá léirmheasanna maithe faighte ag an scannán, atá lonnaithe i dTamhlacht, agus beidh an-spéis ag lucht féachana na hÉireann ann nuair a thaispeánfar é anseo i mí Aibreáin.

"Tabharfaidh bua Jack Reynor ag Sundance ugach mór d'aisteoirí óga na hÉireann. Léiríonn sé gur féidir aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach ar do cheird má tá tallann, díocas agus díograis agat.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service