01/05/2014 Seirbhís Nua Bus Saor in Aisce do Pháirc Náisiúnta Bhoirne le tosú an deireadh seachtaine saoire bainc seo
- 'Am maith chun cuairt a thabhairt ar cheann de pháirceanna áille náisiúnta na hÉireann' - Deenihan
Tá an-áthas ar Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhógairt go bhfuil an tSeirbhís Bus Saor in Aisce do Pháirc Náisiúnta Bhoirne, Co. an Chláir, le hatosú do shéasúr 2014. Ón Satharn 3 Bealtaine go dtí an Aoine 29 Lúnasa, beidh an tseirbhís bus á reáchtáil idir Phointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne atá i mBaile Chora Finne, Co. an Chláir, go dtí an Páirc Náisiúnta.
Beidh an bus, a bhfuil sé shuíochán déag ann, ag fágáil an phointe eolais do chuairteoirí gach uair an chloig ó 10.15a.m. go dtí 6.00p.m. seacht lá na seachtaine. Ligfidh sé amach agus piocfaidh sé suas cuairteoirí ag láithreacha réamhshocraithe timpeall na Páirce Náisiúnta.
Tugann an tseirbhís deis do chuairteoirí a mbealach a dhéanamh timpeall ar na conairí siúlóide marcáilte laistigh den pháirc. Beidh cuairteoirí in ann sásamh a bhaint as tírdhreach uathúil Bhoirne ina n-am féin sula rachaidh siad ar ais ar an mbus níos déanaí ag an láthair ar ligeadh amach iad, nó ag láthair eile, chun a mbealach a dhéanamh ar ais go Cora Finne.
Is í seo an tríú bliain go bhfuil an tseirbhís á reáchtáil. Ní hamháin gur rud uathúil é seo do chuairteoirí chun na Páirce, ach meastar go gcuirfidh an tseirbhís borradh faoin turasóireacht i dTuaisceart an Chláir agus go dtacóidh sí le soláthróirí áitiúla seirbhíse. D'oscail an tAire Jimmy Deenihan Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne i gCora Finne i mí na Bealtaine 2012. Tá sé mar aidhm leis an ionad eolas agus léirmhíniú a chur ar fáil do chuairteoirí chun na Páirce Náisiúnta. Cuireann na treoraithe, a oibríonn ón bpointe eolais, clár imeachtaí, lena n-áirítear siúlóidí treoraithe dúlra agus gníomhaíochta Ealaíon-sa-Pháirc, ar fáil ó mhí Aibreáin go Meán Fómhair.
Agus é ag labhairt ar an tseirbhís, dúirt an tAire Deenihan:
"Is am maith é an deireadh seachtaine saoire bainc seo do chuairteoirí chun cuairt a thabhairt ar cheann de pháirceanna áille náisiúnta na hÉireann ó tharla tús a bheith á chur an athuair leis an tseirbhís bus saor in aisce i mBoirinn. Tá an-áthas orm go mbeidh an tseirbhís ar fáil don samhradh ón deireadh seachtaine seo amach. Tá Boirinn ar cheann dár n-acmhainní luachmhara nádúrtha agus tá réimse dochreidte flóra agus fána le feiceáil ann. Ó tharla an tseirbhís bus saor in aisce seo a bheith ann anois, tá súil agam go mbainfidh níos mó daoine sásamh as áilleacht nádúrtha Pháirc Náisiúnta Bhoirne an Samhradh seo."
CRÍOCH