01/12/2013 : €9,673 ceadaithe ag Mac Fhionnlaoich do Choiste Tacaíochta na nEalaíona Dúchasacha in Iorrais Aithneach
Dé Domhnaigh, 1 Nollaig—D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €9,673 ceadaithe aige do Choiste Tacaíochta na nEalaíona Dúchasacha in Iorras Aithneach chun saotharlann meán dhigiteach a fheidhmeoidh mar stórchiste de na healaíona dúchasacha a fhorbairt agus a thacóidh le chur chun cinn an cheoil i gceantar Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil do cheantar Iorras Aithneach, ceann de thoibreacha móra an cheoil, an bhéaloidis agus na hamhránaíochta.
CRÍOCH