02/10/2014 : Tionscadal athchóirithe á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh i nDún Richmond
Déardaoin, an 2 Deireadh Fómhair 2014 Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, athchóiriú agus oiriúnú Dhún Richmond mar shuíomh oidhreachta nua-aimseartha a sheoladh go hoifigiúi inniu. Tá cistiú de €3.5 milliún ceadaithe don tionscadal mar chuid de chlár caipitil na Roinne le haghaidh Cuimhneacháin 1916.
Tá suntas stairiúil faoi leith ag baint le Dún Richmond, mar gur coinníodh 3,000 de phearsanra Éirí Amach 1916 i ngéibheann sa Dún i ndiaidh géilleadh na gceannairí.
Rinneadh an mhórchuid den lucht a shínigh an fhorógra agus ceannairí eile a chur i bpríosún, a chur faoi thriail armchúirte agus a chur chun báis sa Dún. I measc an mhuintir a coinníodh sa Dún bhí Éamon De Valera, W.T. Cosgrave, Mícheál Ó Coileáin agus Con Colbert.
Mar thoradh ar na hoibreacha athchóirithe de luach €3.5 milliún, a forbraíodh i gcomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bord Athbheochana Naomh Mícheál, Grúpa Oidhreachta Inse Chór - Chill Mhaighneann agus páirtithe leasmhara eile, déanfar áis chultúrtha, oideachais agus oidhreachta den Dún, a mbainfidh muintir na háite agus turasóirí araon leas as.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu: ‘Cuimhnítear ar Dhún Richmond ach go háirithe mar áit inar coinníodh cuid mhór de phearsanra Éirí Amach na Cásca i ngéibheann. Is sa chomhthéacs seo a chuirim fáilte roimh an togra athbheochana don Dún, lena dtabharfar aitheantas dó mar cheann de na príomhthionscadail oidhreachta inár gclár cuimhneacháin'.
"Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do chás saighdiúirí Reisimint Ríoga na hÉireann a bhí lonnaithe anseo sa bhliain 1916 - táim cinnte nár shíl aon duine acu riamh nuair a chuaigh siad san arm go n-iarrfaí orthu Éireannaigh a throid i mBaile Átha Cliath; caithfidh gur mhothaigh siad go raibh siad i sáinn.
"Is ceart go gcuimheoidh muid orthu siúd go léir a raibh baint acu le Dún Richmond agus a cailleadh mar gheall ar choinbhleacht, agus tá mé ag súil go mór a scéalta a chloisteáil. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair atá déanta ag Bord Athbheochana Naomh Mícheál i ndáil le moltaí d'fhorbairt an tsuímh seo a bhrú ar aghaidh chomh maith le ról tábhachtach na bhfoirgneamh seo i stair ár náisiún a aibhsiú.
"Tá an tionscadal mar chuid den phacáiste cisithe caipitil de €22 milliún a d'fhógair mo Roinn, faoina gcríochnófar roinnt tionscadail eile in am do Chuimhneacháin 1916, lena n-áirítear an t-ionad léirithe in Ard-Oifig an Phoist, agus an tsaoráid do chuairteoirí i bPríosún Chill Mhaighneann. "Táim ag súil leis an dul chun cinn a dhéanfar ar na tionscadail seo thar an 12 mhí go 18 mí amach romhainn."
CRÍOCH
Tuilleadh eolais faoi Dhún Richmond:
Bunaíodh Dún Richmond, atá suite in Inse Chór, idir 1810 agus 1814 agus ba Dhún de chuid Arm na Breataine é ar dtús. Bhí saighdiúirí Éireannacha, lena n-áirítear Francis Ledwidge, lonnaithe ann roimh an Chéad Chogadh Domhanda, nó fuair siad traenáil ann. Throid saighdiúirí ón Dún i gCogadh na mBórach agus sa Chogadh Criméach freisin.
Tar éis do cheannairí Éirí Amach 1916 geilleadh, coinníodh níos mó ná 3,000 de phearsanra an Éirí Amach i ngéibheann sa Dún. Rinneadh an lucht a shínigh an fhorógra (seachas James Connolly) agus ceannairí eile a chur i bpríosún, a chur faoi thriail armchúirte agus a chur chun báis sa Dún.
I measc an mhuintir a coinníodh i nDún Richmond tar éis an Éirí Amach bhí Éamon De Valera, W.T. Cosgrave, Mícheál Ó Coileáin agus Con Colbert.
Sa bhliain 1922 tugadh an Dún d'Airm an tSaorstáit agus rinneadh é a athainmniú mar Dhún Mhic Ceoch. Sa bhliain 1924 tugadh an Dún do Bhardas Bhaile Átha Cliath agus athraíodh go tithíocht é ar a dtugtaí Cearnóg Mhic Ceoch.
Coinníodh na trí fhoirgneamh atá ann inniu le haghaidh oideachais agus sa bhliain 1929 rinneadh Scoil de chuid na mBráithre Críostaí de.