02/10/14

02/10/2014 Spreagaitheasc le tabhairt ag an Aire Stáit Joe Mc Hugh ag Comhdháil Trasteorann NWRCBG

Beidh Joe McHugh T.D., an tAire Stáit d'Acmhainní Daonna agus Gnóthaí Gaeltachta, in Óstán Gateway Inis Eoghain ag 7pm tráthnóna inniu leis an spreagaitheasc a thabhairt ag an gComhdháil Cross Border Connections.

Tá an chomhdháil, a thosóidh inniu ag 11am agus a mhairfidh dhá lá, á comhthionól ag Líonra Limistéar Teorann Lárnach na hÉireann, Limistéar Teorann an Oirthir agus Grúpa Trasteorann an Iarthuaiscirt (NWRCBG). Tá na líonraí sin déanta suas de na húdaráis áitiúla go léir ar an Teorainn, ó thuaidh agus ó dheas, a sheasann do dhaonra iomlán os cionn 1.6 milliún duine.

Chomh maith leis an gcomhdháil, roinnfidh an tAire Stáit McHugh a chuid smaointe ar an taithí atá aige de chomhoibriú thuaidh-theas agus an tábhacht atá le comhoibriú leanúnach idir na húdaráis áitiúla. Ta an tAire McHugh ag tacú le comhoibriú trasteorann agus comhoibriú ar fud an oileáin le fada an lá. Ceapadh mar Chomhchathaoirleach é ar Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i mí Iúil 2011 agus toghadh mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta é i mí Iúil 2012.

Ag labhairt dó roimh an chomhdháil, dúirt an tAire Stáit McHugh:  

"Mar Chathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, is údar dóchais dom é an dul chun cinn a fheicim ag go leor leibhéil i ndáil le caidreamh Trasteorann agus Trasphobail.  Tá mé sásta ach go háirithe an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid i bpobail úra agus an obair den scoth atá á déanamh ag macasamhail Linda Ervine, lena thaispeáint gur teanga í do gach duine ar an oileán seo."

"Cuireann sé lúcháir orm an líon mór Comhairleoirí as gach taobh den teorainn a fheiceáil anseo, agus iad ag obair go maith lena chéile chun síocháin bhuan agus rathúnas a chruthú do shaoránaigh uilig an oileáin.  Is é an aidhm ata againn a chinntiú ní amháin go bhfeidhmíonn institiúidí Thuaisceart Éireann, ach go mbeidh rath orthu fosta, mar atá beartaithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta."

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service