02/12/14

02/12/2014 : Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Mhic Unfraidh le buaiteoir Ghradam Turner, Duncan Campbell

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh T.D., comhghairdeas inniu (Dé Máirt) leis an ealaíontóir Éireannach, Duncan Campbell, as Gradam Turner na bliana 2014 a bhuachan dá shaothar, It for Others.

Bunaíodh Gradam Turner, atá ainmnithe i gcuimhne ar an bpéintéir J. M. W. Turner, sa bhliain 1984 le forbairtí nua ealaíne comhaimseartha a cheiliúradh.   Is é an gradam ealaíne is mó a bhfuil poibliú déanta air sa Ríocht Aontaithe ó cuireadh tús leis in 1984.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Duncan as an mbua.  Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas á thabhairt dá shaothar misniúil ceannródaíoch leis an ngradam cáiliúil seo.   Is léiriú den scoth é aitheantas idirnáisiúnta den sórt seo ar chaighdeán an tsaothair atá á tháirgeadh ag ealaíontóirí Éireannacha.  Is ócáid mhór é seo do phobal ealaíon na hÉireann."

Chuir moltóirí ghradam Turner síos ar scannán Campbell mar 'scannán uaillmhianach casta ar fiú féachaint air go minic'. Luaigh siad freisin a 'thiomantas eisceachtach do shaothar a chruthú a dhéanann tagairt d'fhorléiriú luacha agus brí ar bhealaí atá tráthúil agus doshéanta'.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service