03/02/2014 : Cuireann taispeántas an Chester Beatty ag Músaem Hunt le díograis Luimnigh i leith oidhreacht éagsúil na hÉireann le linn Chathair Chultúir 2014
Dé Luain, 3 Feabhra 2014 - Sheol Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, taispeántas nua tráthnóna - Chester Beatty: Pictiúir ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ag Músaem Hunt, Luimneach. Is ócáid í seo atá á reáchtáil ag Músaem Hunt chun ceiliúradh a dhéanamh ar Cathair Chultúir Luimnigh.
Tá an taispeántas, atá á reáchtáil ag Músaem Hunt agus á léiriú i gcomhpháirtíocht le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, ar aon dul le spiorad John agus Gertrude Hunt, céadbhronntóirí an mhúsaeim, ar thaitin leo a bheith ag plé leis an gcultúr a bhain le bailiúcháin, bailitheoirí agus bailiú saothar. Ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, is taispeántas é seo a bhfuil saothair de chuid ealaíontóirí Francacha ón 19ú haois mar chuid de, lena n-áirítear Breton agus Couture; saothair a bhronn Beatty go gnaíúil ar náisiún na hÉireann i 1950.
Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú caipitil de €52,410.54 ar fáil in 2013 chun an t-uasghrádú a dhéanamh ar cheamaraí slándála, ar shoilsiú agus ar láimhseáil aeir a theastaigh don taispeántas seo. Beidh an Roinn ag cur maoiniú de €405,000 ar fáil freisin in 2014 do Mhúsaem Hunt.
Ag caint roimh an ócáid, dúirt an tAire Deenihan, 'Is aoibhinn liom i gcónaí cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Hunt atá ar cheann de sheoid na tíre seo ó thaobh mhúsaeim agus gailearaithe de. Is cuid riachtanach de chreatlach chultúrtha na tíre iad na músaeim a bhailíonn, a chaomhnaíonn agus a chuireann chun cinn cuimhní cultúrtha na tíre seo agus a chinntíonn go mbeidh teacht againn orthu. Tá áthas orm a rá go mbeidh creidiúnú iomlán ag Músaem Hunt níos déanaí sa bhliain faoi Chlár Caighdeán na Músaem de chuid na Comhairle Oidhreachta. Cuireann ardchaighdeán an taispeántais seo lena dtiomantas i leith oidhreacht éagsúil na hÉireann.'
Is í Fionnuala Croke, Stiúrthóir Leabharlann Chester Beatty, a bheidh á choimeád agus beidh 29 pictiúr san iomlán sa taispeántas atá ar siúl ó 1 Feabhra go dtí 30 Márta 2014.