03/02/2015 : Grúpa Oibre á bhunú ag an Aire Mhic Unfraidh chun rialú dó agus bearradh fálta a mheas
D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil sí chun Grúpa Oibre a bhunú ina Roinn chun an raon aighneachtaí a fuarthas mar fhreagairt ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le hAlt 40 den Acht um Fhiadhúlra, a phléann leis na rialúcháin i dtaca le dó agus bearradh fálta ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht a chosaint.
Is iad príomhchuspóirí Alt 40 beathra éan a chosaint le linn an tséasúir neadaithe, dóiteáin foraoise a chosc, agus fásra agus gnáthóga fiadhúlra a chosaint le linn míonna fáis agus atáirgthe. D'fhógair an tAire comhairliúchán poiblí i ndáil leis an gceist i mí na Samhna seo caite agus fuair an Roinn tuairim is 180 aighneacht.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Tá mé sásta leis an líon mór aighneachtaí a fuarthas i ndáil leis an gceist seo, ar díol suime í d'fheirmeoirí, caomhaontóirí agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe. Maireann an tréimhse dhúnta reatha le haghaidh dó agus bearradh ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa, agus dar le roinnt daoine gur chóir é seo a leasú chun bainistíocht talún agus ceisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chur i gcuntas.
"Is mian liom cinnte a dhéanamh go bhfuil córas cothrom agus sábháilte i bhfeidhm, agus go bhfuil an bhithéagsúlacht á cosaint ag an am céanna. Mar gheall ar an líon mór aighneachtaí a fuarthas, chinn mé Grúpa Oibre a chur ar bun leis na tuairimí go léir a cuireadh in iúl a mheas. D'iarr mé ar an nGrúpa Oibre tuairisc a thabhairt dom go pras le raon tograí inti.
"Nuair a bheidh an próiseas seo curtha i gcrích, tá sé ar intinn agam próiseas feasachta poiblí a sheoladh, sa dóigh is go mbeidh gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear údaráis áitiúla, úinéirí talún agus baill an phobail, ar an eolas maidir leis na srianta a bhaineann le dó agus bearradh fálta."
CRÍOCH