03/04/13

03/04/2013 : Seirbhís Paisinéirí agus Lastais Éadroim do Thoraigh

3 Aibreán 2013

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, go bhfuil conradh paisinéirí agus lastais éadroim idir Toraigh agus an mhórthír i gCo. Dhún na nGall aontaithe ag a Roinn le Turasmara Teo don tréimhse 1 Aibreán 2013 go dtí 31 Márta 2018.

Leanfar leis an leibhéal seirbhíse a bhí á chur ar fáil faoin seanchonradh, is é sin, 12 seoladh fillte sa tseachtain idir Toraigh agus Machaire Rabhartaigh ar feadh na bliana. Beidh amchlár á shocrú idir an farantóir agus ionadaithe ón oileán.

Ag fógairt an chonartha seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé sásta go raibh conradh nua paisinéirí agus lastais éadroim aontaithe do na blianta amach romhainn. “Táim sásta go bhfuil mo Roinn in ann an fógra seo a dhéanamh inniu agus go raibh sí ábalta conradh a aontú a chinntíonn leis an leibhéal céanna seirbhíse is a bhí ann le roinnt blianta,” a dúirt an tAire Stáit.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service