03/09/2014 Taispeántais Ard-Oifig an Phoist agus Chearnóg Parnell á n-oscailt ag an Aire Mhic Unfraidh i gCartlann Ailtireachta na hÉireann
Dé Céadaoin, an 3 Meán Fómhair 2014:
Tá Heather Mhic Unfraidh TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag tabhairt cuairte tráthnóna inniu (Dé Céadaoin) ar Chartlann Ailtireachta na hÉireann (CAÉ) le dhá thaispeántas a oscailt go hoifigiúil a thugann léargas ar chúlra Ard-Oifig an Phoist agus Chearnóg Parnell.
Mar chuid de The GPO – 200 Years, a fhaigheann tacaíocht ó An Post, tá sceitsí bunaidh an fhoirgnimh le Francis Johnston, ailtire a bhí ar Bhord na nOibreacha, le feiceáil. Tá an dara taispeántas - The Architecture of Parnell Square – á thacú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus tá bailiúchán ann a cuireadh ar taispeáint den chéad uair i gColáiste na Tríonóide 40 bliain ó shin, an bhliain chéanna a bunaíodh an CAÉ.
Agus í ag labhairt tráthnóna inniu, dúirt an tAire Mhic Unfraidh: "Tá taispeántais mar seo an-luachmhar ó thaobh feasacht an phobail a mhéadú faoin tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht thógtha. Tugann an dá thaispeántas seo léargas an-spéisiúil don phobal ar an scéal atá ar chúl dhá cheann de na spásanna is iomráitigh i mBaile Átha Cliath".
"Mar chuid de thaispeántas an GPO tá sceitsí mionsonraithe a tarraingíodh mar phleananna don fhoirgneamh faoi leith seo, ina bhfuil a bhunfheidm á chur i gcrích go fóill mar cheanncheathrúna Oifig Phoist na hÉireann, 200 bliain i ndiaidh é a thógáil. Áirítear ar thaispeáint Chearnóg Parnell grianghraif iontacha dhubh agus bhán, a choimisiúnaigh Desmond Guinness, lena nochtar na tithe ornáideacha a bhí ar chúl na ngnáth-aghaidheanna bríce taobh amuigh.
"Tá taispeántas an GPO tráthúil ach go háirithe, mar go dtugann sé léargas dúinn ar fhoirgneamh a bhí mar chuid ríthábhachtach agus lárnach d'Éirí Amach 1916. Agus Cuimhneacháin 2016 ag druidim linn, tá áthas orm bheith ag obair le An Post ar ionad léirithe nua a fhorbairt ag Ard-Oifig an Phoist, ionad atá le bheith ar oscailt in am do Cháisc 2016, agus a chuirfidh le mórthionscadail eile atá ar siúl sa Chartlann Náisiúnta, sa Cheoláras Náisiúnta, i dTeach na Cúirte agus Príosún Chill Mhaighneann, sna Cartlanna Míleata agus i nDún Richmond.
Is samplaí den scoth iad an dá thaispeántas seo den tábhacht a bhaineann le taifead a choinneáil ar ár n-oidhreacht thógtha agus í a chaomhnú do na glúine amach romhainn."
CRÍOCH