03/12/14

03/12/2014 : Yeats 2015: deis chun leanaí a chumhachtú trí oideachas—Ó Ríordáin

Dé Céadaoin, 3 Nollaig—Ag labhairt dó ag seoladh Yeats 2015, lena ndéanfar 150 bliain ó rugadh W.B. Yeats a chomóradh, dúirt an tAire Stáit do Phobail Nua, Cultúr agus Comhionannas, Aodhán Ó Ríordáin T.D., gur cheart an comóradh seo, a mhairfidh bliain iomlán, a úsáid mar dheis chun cumhacht a thabhairt do pháistí trí litearthacht agus oideachas.

Dúirt an tAire Ó Ríordáin: "Díríonn muid ró-mhinic ar an ngeilleagar; ar bhuiséid; agus ar airgeadas.  Ach caithfidh muid cinnte a dhéanamh go leanann muid orainn ag díriú ar feabhas a chur ar an tsochaí ina bhfuil cónaí orainn. Tugann an áilleacht i gcuid scríbhneoireachta W.B. Yeats saibhreas dúinn atá thar a bheith tábhachtach dár sochaí. Ní mór an deis a thugtar dúinn le Yeats 2015 a thapú lena chinntiú go dtéann litearthacht agus oideachas chun tairbhe do gach uile pháiste sa tír.

"Tá áthas orm go bhfuil cistiú de €500,000 curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Yeats 2015 agus tá mé cinnte go dtarraingeoidh an clár rímhaith seo d'ócáidí agus tionscnaimh atá beartaithe don bhliain amach romhainn aird gach teaghlaigh in Éirinn ar Yeats.

"Tugann oideachas cumhacht do dhaoine, agus ní mór go mbeadh deis ag gach páiste a shaol féin, agus an tsochaí, a shaibhriú trí thairbhe a bhaint as.  Ba mhian liom moladh a thabhairt don obair dhian atá déanta ag Coiste Stiúrtha Náisiúnta Yeats, faoi cheannaireacht an Seanadóir Susan O'Keeffe, agus iad ag eagrú clár chun scríbhneoireacht agus oidhreacht Yeats a chomóradh i rith 2015, clár a mbeidh an-éileamh air, tá mé cinnte."

CRÍOCH 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service