04/03/2015 : Tuairisc faoi Bhainistiú Fianna á foilsiú agus Fóram Bainistíochta Fianna na hÉireann á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh agus an tAire Ó hAodha
Dé Céadaoin, 4 Márta 2015—Rinne Heather Mhic Unfraidh T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Tomás Ó hAodha T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tuairisc Deer Management in Ireland – A Framework for Action a fhoilsiú inniu (an 4 Márta 2015) chomh maith le ballraíocht an Fhóraim Bhainistíochta Fianna a fhógairt.
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seirbhís Foraoiseachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Coillte, in éineacht le páirtithe leasmhara, tar éis bheith ag obair ar mholtaí beartais a bhaineann le caomhnú agus bainistiú fianna.
Moltar sa tuairisc sraith gníomhaíochtaí i ndáil le bainistiú agus caomhnú fianna i roinnt réimsí lena n-áirítear athbhreithniú ar chreataí rialála agus riaracháin, úsáid talún agus leasanna eacnamaíocha, faisnéis, taighde, monatóireacht agus deiseanna eacnamaíocha. I measc ghníomhaíochtaí eile tá an fia rua dúchasach a chosaint, drochthionchar spéicis neamhdhúchasacha fia a laghdú agus scileanna agus dea-chleachtas a fheabhsú.
D'aontaigh an bheirt Airí le bunú Fóram Bainistíochta Fianna na hÉireann d'fhonn na gníomhaíochtaí éagsúla ata liostáilte sa Tuairisc a chur i bhfeidhm. Tá an Fóram féin déanta suas d'ionadaithe do phríomhréimsí na bpáirtithe leasmhara ar nós úinéirí talún, foraoiseacht, seilg agus eagraíochtaí caomhantais chomh maith le hionadaithe don dá Roinn. Tá comhaltaí an Fhóraim ceaptha ag na hAirí chomh maith le Judith Annett Uasal, atá ceaptha mar Chathaoirleach an Fhóraim.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na páirtithe leasmhara uile a bhí páirteach as an obair a rinneadh leis an tuairisc dheiridh seo a chur le chéile. Ba dhúshlán nach beag é an tuairisc a tháirgeadh ó thaobh na héilimh a bhaineann le talmhaíocht, foraoiseacht agus caomhnú a chur i gcothromaíocht. Ba chóir go dtabharfar aitheantas i bhforbairt straitéisí bainistíochta don tábhacht atá le spéicis fiáine fia a chaomhnú mar chuid d'oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht shaibhir na hÉireann, ach go n-aithneofar riachtanais na hearnála talmhaíochta ag an am céanna. Tá áthas orm a fheiceáil go n-aithnítear an prionsabal seo sa tuairisc."
Dúirt an tAire Ó hAodha:
"Tugtar liosta sa Tuairisc de raon gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bainistíocht fianna ar fud na tíre. Tá áthas orm a rá, mar thoradh ar an tsraith de chleachtais comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, gur baineadh roinnt mhaith comhaontaithe amach i ndáil le cuid de na príomhghníomhaíochtaí a shainaithint."
Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair leis an gcéad chruinniú d'Fhóram Bainistíochta Fianna na hÉireann a thionól.
Nóta do na hEagarthóirí:
Is féidir teacht ar an tuairisc ‘Deer Management in Ireland – A Framework for Action’ anseo:
http://www.npws.ie/news/publication-report-deer-management-ireland
Comhaltacht - Fóram Bainistíochta Fianna na hÉireann:
|
Ainm |
Eagraíocht |
Leas Earnála |
|
Judith Annett |
Comhairleoir Tuaithe |
Cathaoirleach |
|
Chris Fox |
Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA) |
Feirmeoireacht |
|
Pat Hennessy |
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) |
Feirmeoireacht |
|
Tom Short |
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) |
Feirmeoireacht |
|
Sean Doris |
National Association of Regional Game Councils (NARGC) |
Seilg |
|
Damian Hannigan |
Wild Deer Association of Ireland |
Seilg |
|
John Fenton |
Association of Game Shoot Operators (AGSO) |
Seilg |
|
Paddy Purser |
Pro Silva Ireland/SIF/AIFC |
Foraoiseacht |
|
Barry Coad |
Coillte |
Foraoiseacht |
|
Sean Eustace |
Wicklow Forest Owners Group |
Ainmniú Aireachta |
|
Liam Nolan |
Deer Alliance |
Oiliúint |
|
Jim Walsh |
Duine Aonair |
Taighde |
|
Declan Little |
Coillte Éireannacha |
Caomhnú |
|
Declan O’Neill |
Comhpháirtíocht Bainistíochta Fianna Chill Mhantáin |
Grúpa Bainistíochta Fianna |
|
Seamus Dunne |
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara |
Roinn Rialtais |
|
James O’Keeffe |
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara |
Roinn Rialtais |