04/09/14

04/09/2014 Taispeántas Chumann na mBan á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh i Maigh Eo

Tráthnóna inniu (Déardaoin) tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ag seoladh taispeántas ag Bailiúchán Jackie Clarke i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo le bunú Chumann na mBan a chomóradh.

 

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Mhic Unfraidh: ‘Tá lúcháir orm bheith ag tabhairt cuairte den chéad uair ar Bhailiúchán Jackie Clarke, ar sampla iontach é den méid is féidir a bhaint amach go háitiúil. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'obair Niamh O'Sullivan, an t-údar agus staraí coimisiúnaithe ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo agus coiste áitiúil Dheich mBliana na gCuimhneachán leis an saothar seo a chruthú.

 

"Rinne an tAire a tháinig romham, Jimmy Deenihan, bearta chun dul i gcomhairle le hÚdaráis Áitiúla ar chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, lena n-áirítear comhdháil a reáchtáladh níos luaithe i mbliana agus tá mé ag tnúth lena chuid tionscnaimh a fhorbairt a thuilleadh.  Mar sin, is iontach an rud é go bhfuil Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ag tabhairt an sampla láidir seo leis an dtaispeántas agus leis an suíomh nua, CentenaryMayo, a sheol mé níos luaithe tráthnóna inniu.

 

"Dírítear sa taispeántas ar ról na mban le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, ról a ligtear i ndearmad go minic.   Ní féidir nach rachadh ceannasaíocht agus diongbháilteacht na mban seo i gcion ar dhuine.  Dar liomsa gur chéim ríthábhachtach i gcumhachtú na mban é bunú Chumann na mBan.

 

"Léirigh Cumann na mBan go mba dheacair mná na hÉireann a threascairt i saol an phobail.  Tá sé tábhachtach go bhféachann muid siar agus go bhfoghlaimíonn muid ceacht ó chrógacht na mban sin.  Sna blianta amach romhainn féachfaidh muid le chéile ar conas a claochlaíodh Éire go deo de bharr ócáidí na ndeich mbliana sin ó 1912 go 1922.  Oibreoidh mise chun na hócaidí uile seo as réimsí éagsúla stair na hÉireann a chomóradh ar bhealaí ómósacha, uileghabhálacha agus cuí.

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service