04/11/2014 : Léiríonn an tAire Humphreys a díomá faoi dhiúltú Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do thogra Shráid an Mhúraigh
Dé Máirt, 4 Samhain 2015—Ag labhairt mar fhreagra ar vóta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath aréir, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., go bhfuil sí "díomách gur roghnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath gan tacú leis an bplean seo, rud a shaorfadh maoiniú NAMA d 'fhorbairt ionad cuimhneacháin cuí i gcuimhne ar Cheannairí Éirí Amach 1916 sa séadchomhartha náisiúnta ag Uimhreacha 14 go 17 Sráid an Mhúraigh, agus a chuirfeadh an séadchomhartha féin faoi úinéireacht na Comhairle Cathrach.
"Cheadaigh an tAire a chuaigh romham, Jimmy Deenihan, na pleananna don séadchomhartha tar éis breithniúchán agus measúnú cuimsitheach ar na gnéithe ábhartha ar fad, agus tar éis comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara.
"Creidim gur bhain deis iontach leis an togra a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Cathrach chun an obair athchóirithe a chur i gcrích agus an tIonad Cuimhneacháin a bheith oscailte in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca in 2016.
CRÍOCH