04/12/2014: €900,000 ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €900,000 ceadaithe aige don Údarás um Ard-Oideachais le leithdháileadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le cumasú dóibh leanúint ag soláthar raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge sna trí ionad Gaeltachta atá acu, i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua, sa bhliain acadúil 2014/15.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh “Cuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus bíonn tionchar dearfach aige ar shaol sóisialta, geilleagrach, cultúrtha agus teanga na bpobal sin trí chéile”. In 2004, bhunaigh Ollscoil na hÉireann (OÉ) Gaillimh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le hoibleagáid na hOllscoile a chomhlíonadh i ndáil le hoideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt. Tá OÉ Gaillimh faoi oibleagáid ag an Rialtas faoi fhorálacha alt 3 d'Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006, le cláir tríú leibhéal 'trí mheán na Gaeilge' a fhorbairt agus a sholáthar.
“Tríd an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga atá á thairiscint acu i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta cuirtear oiliúint ar mhuintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo ceannas a ghlacadh ar thodhchaí na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá áthas orm a deontas seo a fhógairt” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch