05/03/15

05/03/2015: Sonraí na scéime cistiúcháin Thuaidh/Theas do thionscadail ealaíon agus cultúir fógartha ag an Aire Mhic Unfraidh

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu na sonraí a bhaineann le scéim chistiúcháin chun tacú le tionscadail ealaíon agus cultúir ar bhonn Thuaidh/Theas.

Ní mór go mbeidh gné soiléir Thuaidh/Theas ag baint le scéimeanna a mhaoinítear faoin scéim agus ba chóir go bhféachfadh siad le healaín, cultúr, ceol, scannáin nó oidhreacht oileán uile na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh.

Ag fógairt sonraí na Scéime di, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:

"Tá lúcháir orm go bhfuil an scéim chistiúcháin seo ar bun arís in 2015.   Is cultúr iontach ealaíontachta, ceoil, scannán agus oidhreachta atá againn anseo ar oileán na hÉireann. Tá sé mar aidhm leis an scéim chistiúcháin seo é sin a fheabhsú, a cheiliúradh agus a chomóradh ar fud na tíre go léir. Mholfainn d'éinne a bhfuil suim acu sa scéim seo na critéir incháilitheachta a sheiceáil agus iarratas a sheoladh isteach gan mhoill."

Ní mór go mbeadh na tionscadail cruthaitheach agus nuálaíoch agus ar shamplaí de thionscadail a bhféadfaí breithniú a dhéanamh orthu do mhaoiniú faoin scéim, gan iad a bheith teoranta díobh, tá tionscadail a bhainfeadh an méid seo a leanas amach:

  • Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí a chur chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas;
  • Turasóireacht chultúrtha a chur chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas;
  • Soláthar cláir fhor-rochtana chultúrtha a chur chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar chistiú ó gach foras cultúrtha ar suim leo é.  Ní féidir ach cistiú a bhronnadh ar thionscadail a chomhlíonann na critéir ábhartha.  Tá sonraí go léir na scéime cistiúcháin Comhoibriú le Tuaisceart Éireann 2015 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag:

http://www.ahg.gov.ie/ga/arts/culture/grants-and-funding/co-operation-with-northern-ireland/

Is é Dé Máirt, an 31 Márta 2015 an spriocdháta le hiarratais a fháil.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service