05/03/15

05/03/2015: Cistiú os cionn €200,000 á fhógairt ag an Aire Stáit Ó Ríordáin chun tacú le clár idirnáisiúnta cultúir do thréimhse Lá Fhéile Pádraig 2015

D'fhógair an tAire Stáit do Chomhionannas, Pobail Nua agus Cultúr, Aodhán Ó Ríordáin TD, inniu an clár idirnáisiúnta cultúir do thréimhse Lá Fhéile Pádraig atá á thacú ag an Rannán Cultúr Éireann ina Roinn. Tacóidh cistiú os cionn €200,000 le níos mó ná 50 ócáid a bheidh ar siúl i 22 thír. Cuireann tréimhse Lá Fhéile Pádraig deis uathúil ar fáil chun neart earnáil chruthaitheach na hÉireann a chur ar taispeáint agus turasóireacht agus infheistíocht isteach a chothú.

Ag fógairt an chistithe dó, dúirt an tAire Stáit Ó Ríordáin:

Tugann tréimhse Lá Fhéile Pádraig deis gan sárú d'Éirinn ár gcultúr agus ár n-ealaíontóirí cumasacha a chur ar taispeáint ar fud an domhain. Nascann daoine ar fud na cruinne Lá Fhéile Pádraig le hoileán na hÉireann.  Is deis den scoth í aird an domhain a tharraingt ar an gcuid is fearr dár gcultúr agus dár n-ealaíontóirí agus seans a thabhairt do lucht féachana nua agus don diaspóra ealaíontóirí Éireannacha a fheiceáil agus a chlos dóibh féin."

Rinneadh príomhcheantair ar nós na Gearmáine, na Síne, Mheicsiceo, na Rúise agus na Stáit Aontaithe a shainaithint i gclár leathan le raon mór ealaíontóirí cumasacha iontacha. I measc buaicphointí an chláir idirnáisiúnta cultúir beidh:

  • Féiltí Scannán i mBostún, sa Róimh agus, den chéad uair riamh, Féile Scannán Éireannach-Astrálach i Sydney.
  • Sa Rúis, cuirfear féile ealaíon ildisciplíneach ar siúl le Moscow Irish Week, a bheidh ag tarlú ag an am céanna le ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig, agus lena gcuirfear scoth na scannán, an cheoil thraidisiúnta agus nua-aimseartha, agus amharclannaíochta na hÉireann ar taispeáint.
  • Beidh We Banjo 3 ar camchuairt sna Stáit Aontaithe agus beidh siad ar an stáitse i Nua Eabhrac, Maryland, Delaware, Connecticut, agus Washington i measc áiteanna eile.
  • Beidh an grúpa ceoil Éireannach nua-aimseartha- The Gloaming - ar camchuairt speisialta in ionaid agus ag féilte mór le rá san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus sa Ríocht Aontaithe agus ansin rachaidh siad go Meicsiceo chun 40 bliain de chaidrimh taidhleoireachta idir Meicsiceo agus Éire a cheiliúradh.
  • I Nua Eabhrac tiocfaidh mic léinn tréitheacha as Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann le chéile le hAcadamh Lir i gColáiste Na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an Juilliard School le Ten Thousand Miles Away a chur i láthair.
  • Beidh ionadaithe d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa tSín agus sa Chóiré Theas freisin le Generation Now/Generation Next - ina ndéanfar buanna bhaill foirne oirirce agus mic léinn a bhfuil duaiseanna buaite acu a thabhairt le chéile.
  • San Eoraip, beidh ealaíontóirí ar nós Julie Feeney ar an stáitse in Amstardam, mar aon leis an pianódóir iomráiteach Finghin Collins ag an Splendor Music Centre. Beidh an grúpa cáiliúil, Moxie, ag seinm ag an 5ú Guinness Celtic Spring Caravan Tour i gcathracha ar fud na hOstaire, na hEilvéise agus na hIodáile.
  • Beidh an camchuairt de cheoltóirí Éireannacha, Irish Heartbeat, ar siúl sa Ghearmáin, ina mbeidh Dermot Byrne & Floriane Blancke, Bernadette Morris Band agus Mánran ag glacadh páirte.
  • Sa Forbidden City Concert Hall i mBéising agus sa Shanghai Grand Theatre i Shang-hai beidh an Sharon Shannon Band ag seinm tar éis dóibh sraith de cheolchoirmeacha a chur i láthair i Melbourne, chomh maith le ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Tasmáine.
  • Arís i mBéising agus Shang-hai, mar chuid den Fhéile Éireannach beidh sraith de thrí thaispeántas ealaíne nua-aimseartha Éireannach agus Síneach, spreagtha agus coimeádta ag filíocht Yeats.

I roinnt mhaith de na suíomhanna, beidh an clár cultúir ar siúl ag an am céanna le cuairteanna ó thoscairí Rialtais, rud a chinnteoidh go mbainfear an éifeacht is mó is féidir as an infheistíocht seo.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service