05/12/12

05/12/2012 - €8,580 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnachadh Mac Fhionnlaoich T.D., d’Áras Éanna Teo, Inis Oírr, Co na Gaillimhe

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (5 Nollaig 2012) go bhfuil deontas €8,580 ceadaithe aige d’Áras Éanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe chun trealamh a cheannach mar aon le fuinneoga agus doirse.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil don Áras agus go raibh sé cinnte go mbainfeadh pobail an oileáin agus turasóirí leas as infheistíocht na Roinne.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service