05/12/2012 - €135, 682 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnachadh Mac Fhionnlaoich T.D., do Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co Chorcaí.
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (5 Nollaig 2012) go bhfuil deontas €135,682 ceadaithe aige do Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is coláiste Gaeilge seanbhunaithe é Coláiste na Mumhan a bhfuil stair shaibhir fhada bainteach leis agus é fite fuaite trí scéal na Gaeilge féin i gCorcaigh. Tá obair luachmhar déanta ag an Choláiste thar an tréimhse sin agus tá an-lúcháir orm a bheith in ann teacht i gcabhair orthu sa chás seo,” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch