05/12/14

Comhaontú bainte amach ag an Aire Mhic Unfraidh leis an Aire Ó Húilín chun €2 mhilliún sa bhreis de chistiú a chur ar fáil do na Forais Chultúrtha Náisiúnta

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu (Dé hAoine) go bhfuil comhaontú bainte amach aici leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Breandán Ó Húilín TD, chun €2 mhilliún sa bhreis de chistiú a chur ar fáil do na Forais Chultúrtha Náisiúnta mar chuid de na Meastacháin Athbhreithnithe, atá le foilsiú níos déanaí sa mhí.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Tá an-áthas orm go bhfuil comhaontú déanta agam leis an Aire Ó Húilín i dtaobh €2 mhilliún sa bhreis de chistiú a chur ar fáil dár bhForais Chultúrtha Náisiúnta.

"Tá plé leanúnach ar siúl agam le tamall leis an mbainistíocht shinsearach i roinnt de na Forais Chultúrtha, lena n-áirítear an tArd-Mhúsaem agus an Leabharlann Náisiúnta, i ndáil lena gcuid deacrachtaí cistithe a réiteach. Úsáidfear an cistiú breise a fuarthas chun aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna ar fud na bhForas Cultúrtha.

"Is cuid ríthábhachtach dár gcultúr iad na Forais Chultúrtha Náisiúnta. Trína gcuid bailiúcháin agus taispeántais, cuireann siad go mór lenár sochaí. Tá mé tiomanta do na healaíona a chur i dtosaíocht agus a chur chun cinn de réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar.

"Tar éis roinnt blianta deacra, bhí áthas orm go raibh sé de chumas orm an cistiú do na Forais Chultúrtha a chosaint i gcomhthéacs Chomhaisnéis 2015. Mar thoradh ar phlé rialta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an Aire Ó Húilín, tá lúcháir orm anois go bhfuil mé in ann cistiú suntasach breise a chur ar fáil do na Forais Chúltúrtha don bhliain amach romhainn."

CRÍOCH

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service