06/03/15

07/03/2015 : Fáilte á cur ag an Aire Mhic Unfraidh roimh ghairm oscailte na Comhairle Ealaíon do mhórthionscadail ealaíon le haghaidh Éire 2016

Dé hAoine, 7 Márta 2015—Tá fáilte curtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu (Dé hAoine) roimh ghairm oscailte na Comhairle Ealaíon do thionscadail uaillmhianacha náisiúnta ealaíon le bheith mar chuid d'Éire 2016, tionscnamh an Rialtais chun Éirí Amach 1916 a chomóradh.

An Deireadh Fómhair seo caite, chuir an tAire Mhic Unfraidh €2 mhilliún de chistiú ar fáil don Chomhairle Ealaíon le haghaidh Éire 2016. Tá an Chomhairle ag infheistiú €1 mhilliún ón gciste seo i mórthionscadail náisiúnta ealaíon.

Eisíodh an ghairm oscailte chuig ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon ar fud na hÉireann. Deir an Chomhairle go mbeifear ag tacú le tionscadail uaillmhianacha suas go €500,000, i bhfoirm amháin ealaíne nó níos mó. Cuirfear an obair i láthair an phobail sa bhliain 2016 agus léireofar leis freagairt thábhachtach ealaíontóirí na linne seo ar chuimhneachán céad bliain Éirí Amach na Cásca.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Is mian liom go mbeidh na healaíona ag croílár Éire 2016. Bhí ról thar a bheith tábhachtach ag ealaíontóirí sa tréimhse ag druidim le 1916. Mar sin de, tá sé feiliúnach go mbeadh ról lárnach ag ealaíontóirí i gcomóradh an Éirí Amach freisin. Cuirim fearadh na fáilte roimh ghairm oscailte na Comhairle Ealaíon chuig ealaíontóirí, rud a chabhróidh le healaíontóirí cuimheachán 100 bliain Éirí Amach 1916 a chomóradh ar bhealach cruthaitheach, nuálach agus spreagthach.

"Bhí lúcháir orm go raibh mé in ann €2 mhilliún sa bhreis a chur ar fáil don Chomhairle Ealaíon dá clár cuimhneacháin. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil roinnt den airgead seo á úsáid chun tionscadail uaillmhianacha ealaíon a mhaoiniú a rachaidh i gcion ar shamhlaíocht an phobail agus a chuideoidh linn cuimhniú ar chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916 go ceann fada."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service