09/02/15

09/02/2015 Cistiú de €624,000 á fhógairt ag an Aire Mhic Unfraidh chun foirgnimh oidhreachta a uasghrádú agus a chosaint

Tá cistiú de €624,000 fógartha inniu (Dé Luain) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh, TD chun foirgnimh oidhreachta a chosaint agus a uasghrádú faoin gCiste um Struchtúir i mBaol 2015.

Úsáidtear an Ciste chun stuchtúir faoi úinéireacht phríobháideach agus shibhialta, atá cosanta faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a chosaint, agus féadtar go mbíonn feidhm ag an gCiste freisin maidir le struchtúir i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta. Áirítear ar na hoibreacha a mhaoinítear faon scéim deisiú dín, comhdhlúthú struchtúrach agus bearta chun aimsirdhíonacht a chinntiú.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Spreagann an scéim seo maoin oidhreachta a athchóiriú agus a athúsáid agus cabhraíonn sí le struchtúir chosanta, a d'fhéadfadh muid a chailleadh go deo gan í, a chaomhnú. Ó bhí 2011 ann, rinneadh 100 struchtúr a chosaint don todhchaí mar thoradh ar an scéim Struchtúir i mBaol.

"Trí leanúint leis an scéim i mbliana, lifgear do dhaoine agus d'Údaráis Áitiúla gníomhú chun foirgnimh agus struchtúir oidhreachta ina gceantar a chosaint. Is sócmhainn thar a bheith tábhachtach í ár n-oidhreacht thógtha ó thaobh na turasóireachta de agus cuireann sí le bród agus sult sna pobail áitiúla.

"Trí leanúint ar aghaidh ag tacú leis an gcleachtas is fearr i gcaomhnú struchtúir chosanta, is féidir linn ár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú do na glúine amach romhainn agus cur lenár dtarraingteacht mar sprioc do thurasóirí, agus muid ag cur le fostaíocht áitiúil ag an am céanna."

 

CRÍOCH

 

Nótaí do na hEagarthóirí

Is féidir teacht ar shonraí an phróisis iarratais don Chiste um Struchtúir i mBaol 2015 trí theagmháil a dhéanamh le d'Údarás Áitiúil.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service