09/03/15

09/03/2015: €5,846 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Mhuintearas Teo., Leitir Mór

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €5,846 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo., Tír an Fhia, Leitir Mór, Co. na Gaillimhe chun cabhrú leo soláthar úrscéalta Gaeilge a cheannach agus a chur ar fáil do scoileanna náisiúnta i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go gcuideodh an deontas le Muintearas ina n-iarrachtaí an Ghaeilge a choinneáil chun tosaigh sna scoileanna i gceist agus go spreagfaidh sé suim sa léitheoireacht Ghaeilge i ndaltaí an cheantair.

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service