09/09/14

09/09/2014 An tAire Mhic Unfraidh le freastal ar Dhámhachtainí bliantúla Business to Arts Allianz

Tráthnóna inniu (Dé Máirt) beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ag freastal ar Dhámhachtainí Business to Arts Allianz 2014 sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath.  Déanfaidh pátrún onórach Business to Arts, an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn, na duaiseanna a bhronnadh ar bhuaiteoirí na bliana 2014.

 

Ag labhairt di roimh an ócáid, dúirt an tAire Mhic Unfraidh: "Cuireann an searmanas dámhachtainí seo sárthaispeántas ar fáil den méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn an pobal gnó agus pobal na n-ealaíon le chéile.  Tá Business to Arts ag déanamh obair den scoth ó bunaíodh é níos mó ná 25 bliana ó shin chun comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a chothú idir domhan na n-ealaíon agus an earnáil ghnó".

 

"Tá na h-ealaíona mar chuid de mheon na hÉireann, agus is fiú a rá go bhfuil tionchar dearfach an-mhór ag na h-ealaíona ar íomhá na hÉireann thar lear.  Nuair a fhorbraítear caidrimh le páirtithe leasmhara gnó a théann chun tairbhe don dá thaobh, tugtar deis d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíona bláthú, sruthanna ioncaim éagsúla a fhorbairt agus a lucht féachana nó éisteachta a fhás.

 

"Is ócáid thábhachtach na gradaim seo i bhféilire na n-ealaíon, agus ba mhaith liom Business to Arts a mholadh as a dtiomantas do thacaíocht a thabhairt do dhaonchairdeas in earnáil na n-ealaíon.

 

"Le hócáid na hoíche anocht insítear scéal faoi chomhpháirtíochtaí rathúla.  Ba chóir go mbeadh na buaiteoirí bródúil as an méid atá bainte amach acu, agus ba chóir a aithint go bhfuil an méid atá déanta acu ina theimpléad do chomhoibriú sa todhchaí.  Is féidir torthaí den chéad scoth a fháil as na hearnálacha ealaíon agus gnó a thabhairt le chéile, torthaí a théann chun tairbhe do na páirtithe aonair agus tráchtála lena mbaineann, agus don phobal i gcoitinne.

 

"Seo an 23ú bliain ar an bhfód do na dámhachtainí seo, agus is léir ó liosta na n-iomaitheoirí  sa bhabhta ceannais go bhfuil an comhoibriú níos treise ná riamh.  Mar chuid de mo ról mar Aire Ealaíon, tá sé ar intinn agam comhoibriú le daoine eile ar fud raon earnálacha.  Táim ag súil go háirithe le bheith ag obair le mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais Jan O'Sullivan, chun an obair a rinneadh go dtí seo ar an gCairt um na hEalaíona san Oideachas, a síníodh anuraidh, a bhrú ar aghaidh."

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service