09/12/14

09/12/2014: €1 mhilliún de chistiú breise d

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., an méid seo inniu (an 9 Nollaig 2014):

lúcháir mhór orm a fhógairt inniu go bhfuil sé dearbhaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go bhfaighidh Údarás na Gaeltachta €1 mhilliún sa bhreis ina bhuiséad caipitil don bhliain 2015. Creidim gur léiriú soiléir é seo ar thiomantas leanúnach an Rialtais seo do chruthú post agus d'fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht." 

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do mo chomhghleacaithe Micheál Ó Nuanáin, an tAire Airgeadais, Breandán Ó Húilín, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus Heather Mhic Unfraidh, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, as a gcuid oibre agus a dtacaíocht leanúnach don Roinn seo. Níl amhras ar bith ann ná go raibh ar an Roinn seo a cuid féin de na ciorruithe a fhulaingt le cúpla bliain anuas, mar a rinne achan Roinn Rialtais. Tá lúcháir orm, áfach, go raibh muid ábalta cistiú breise a fháil don Roinn seo."

 

"Cuirfidh an cistiú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, tá cuairt tugtha agam ar cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus chonaic mé le mo shúile féin na fostaithe díograiseacha agus an obair den scoth atá ar siúl acu. Is léiriú muiníne in Údarás na Gaeltachta é fógairt an lae inniu agus is bunús iontach maith é a mbeidh muid in ann tógáil air."

Rinne an tAire Stáit tagairt shonrach d'ionad cultúrtha atá á fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gContae na Gaillimhe, mórthionscadal caipitil atá á thabhairt chun cinn mar chuid de Chlár Cuimhneachán 2016 de chuid an Rialtais.

"Mar thoradh ar an chistiú breise seo, tá mé ag súil go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann cur le buiséad foriomlán an tionscadail seo, a bhfuil mo Roinnse ag soláthar €2 mhilliún de mhaoiniú dó."

Mar chlabhsúr, dúirt an tAire Stáit:

"Ó ghlac mé leis an oifig seo, bhí sé ina phríomhthosaíocht agam cistiú breise a fháil d'Údarás na Gaeltachta. Tá lúcháir mhór orm an cistiú sin a fháil inniu agus tá mé ag súil go gcruthófar níos mó post agus go bhforbrófar tuilleadh fiontar sa Ghaeltacht mar gheall ar an fhógra seo."

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service