10/02/2015 Ceapachán ar bhord Údarás na Gaeltachta
D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (10 Feabhra 2015) go bhfuil ainmní Chomhairle Contae Chorcaí, Aindrias Ó Muineacháin, ceaptha aige ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse 10 Feabhra 2015 go dtí 9 Feabhra 2017.
Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air an ceapachán a fhógairt agus go raibh sé cinnte go rachaidh an comhalta Ó Muineacháin i mbun a chuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht.
“Níl amhras ar bith orm ach go rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna a léiríonn an comhalta go mór chun sochar d’Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta sna blianta amach romhainn,” a dúirt an tAire Stáit.
CRÍOCH