10/12/13

10/12/2013 : Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €10,000 do Choiste Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Dé Máirt, 10 Nollaig—Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil allúntas €10,000 á cheadú aige do Choiste Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh chun cabhrú leo oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích sa halla.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: “Tá mé an-sásta go bhfuil ar mo chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil do cheantar mar seo. Cuirfidh sé go mór leis na háiseanna atá ar fáil do phobal na háite agus don Choláiste Gaeilge araon.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service