11/02/14

11/02/2014 : Seolann Deenihan leabhar ar Ghéarchéim Ocrais an Domhain

Dé Máirt, 11ú Feabhra 2014: Seolfaidh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ‘The Global Hunger Crisis, Tackling Food Insecurity in Developing Countries’ de chuid Majda Bne Saad go hoifigiúil sa Seomra Darach ag Teach an Ard-Mhéara ag 5.30pm tráthnóna inniu.

Tá Majda Bne Saad ina ball de Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir ó bunaíodh é in 2008. Is é an t-ocras domhanda agus an tearc-chothú an dúshlán forbartha is mó atá le sárú i ndomhan an lae inniu. Meastar go bhfuil ocras ar 842 milliún duine ar fud an domhain (sin duine as gach ochtar) agus is é an tearc-chothú an chúis is mó atá le bás leanaí faoi chúig bliana d’aois. Is é is cúis le bás 8,000 leanbh gach lá.

Ag caint roimh an ócáid, dúirt an tAire Deenihan:

"Mar Chathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, bím sásta i gcónaí tacaíocht a thabhairt d'ócáidí cosúil leis an gceann seo chun aird a tharraingt ar chruachás na milliún fear, ban agus leanaí ar fud an domhain a mbíonn dúshlán rompu gach lá a ndóthain bia a fháil chun maireachtáil."

"Tá tuiscint ó dhúchas sna hÉireannaigh ar an ocras de bharr ár dtaithí féin ar ghorta, tráth ar bhásaigh milliún Éireannach leis an ocras agus a ndeachaigh os cionn milliún eile ar imirce le linn an Ghorta Mhóir' sna 1840aidí. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh atrua againn dóibh siúd atá ag fulaingt leis an ocras, le galair agus le bochtanas i saol an lae inniu agus go mbeadh muid gnaíúil leo. Tá sé tábhachtach, freisin, go mbainfimis leas as ár dtaithí agus ár ndaonnacht chun aird a tharraight ar a gcruachás."

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service