11/12/13

11/12/2013 - Fógraíonn an tAire Deenihan an láthair do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014

Inniu, Dé Céadaoin, 11 Nollaig, 2013, d'fhógair Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, gur i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin a thionólfar Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Deenihan: "Tá an-áthas orm a fhógairt gur i mBéal na mBuillí a bheidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014.  Beidh an searmanas ar siúl ag Teach agus Gairdíní na Páirce, Béal na mBuillí, áit a bhfuil Músaem Náisiúnta Ghorta Mór na hÉireann.  Tá muintir Bhéal na mBuillí ag obair gan stad le 20 bliain anuas chun a chinntiú go gcuimhneofar ar íospartaigh an Ghorta Mhóir ar bhealach a léiríonn dínit agus meas agus chun a chinntiú go bhfuil bailiúchán saibhir ábhar ag muintir na hÉireann a chuidíonn linn scrúdú a dhéanamh ar théamaí an ghorta - dúchan, díshealbhú agus imirce, mar shampla."

Dúirt an tAire Deenihan freisin: "Bhí Ros Comáin ar cheann de na ceantair ba mheasa a buaileadh le linn an Ghorta Mhóir.  Mar a tharlaíonn sé, tháinig laghdú 32% ar an daonra le linn an ama sin.  Ba é eastát Bhéal na mBuillí leis an Maor Denis Mahon an ceantar ba mheasa ar fad a buaileadh sa chontae.  Chuir Denis Mahon tús le himirce ar scála mór as an gceantar go Ceanada agus cailleadh mórán daoine ar an turas.  Tá sé cuí, mar sin, go mbeadh cuimhneachán 2014 á óstáil anseo."

Roghnaíodh Béal na mBuillí mar láthair do 2014 mar thoradh ar phróiseas oscailte iarratais faoina raibh deis ag gach contae i gConnachta iarratais a chur isteach tríd an údarás áitiúil ábhartha.  Ghabh an tAire Deenihan buíochas leis na hiarratasóirí ar fad as a n-iarrachtaí i rith an phróisis:

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na húdaráis áitiúla eile ar fad a chuir iarratais isteach.  Cuirim fáilte roimh an spéis atá agaibh sa Ghorta Mór agus tá súil agam go leanfaidh sibh leis an obair atá ar bun agaibh chun íospartaigh an ama uafásaigh sin i stair na tíre seo a thabhairt chun cuimhne."

Mar fhocal scoir, dúirt sé:  "Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar phobal Bhéal na mBuillí agus Ros Comáin agus iad ag pleanáil don ócáid seo.  Is í mo thuiscint go bhfuil clár iomlán imeachtaí beartaithe acu idir seo agus an Cuimhneachán féin agus áitím ar an bpobal páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin agus tacaíocht iomlán a thabhairt don ócáid thar a bheith speisialta seo."

Fógrófar dáta na hócáide in am trátha.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service