12/02/15
12/02/2015 €2,915 ceadaithe do Chomhaltas Cosanta Chúil Aodha ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €2,915 ceadaithe aige do Chomhaltas Cosanta Chúil Aodha chun soilse stáitse a chur isteach sa halla áitiúil - Áras Éamon Mac Suibhne.
Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an deontas seo a chur ar fáil agus go bhfuil súil aige go gcuideoidh na soilse barr feabhais a chur ar na himeachtaí a bheidh ar siúl san Áras as seo amach.
Críoch