12/02/15

12/02/2015 €2,915 ceadaithe do Chomhaltas Cosanta Chúil Aodha ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €2,915 ceadaithe aige do Chomhaltas Cosanta Chúil Aodha chun soilse stáitse a chur isteach sa halla áitiúil -  Áras Éamon Mac Suibhne.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an deontas seo a chur ar fáil agus go bhfuil súil aige go gcuideoidh na soilse barr feabhais a chur ar na himeachtaí a bheidh ar siúl san Áras as seo amach.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service