12/02/15

12/02/2015 €7,000 breise ceadaithe do Choiste Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas breise de €7,000 ceadaithe aige, anuas ar an deontas de €14,000 a bhí ceadaithe roimhe seo, do Choiste Halla Béal Átha an Ghaorthaidh chun cabhrú leo oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích i Halla Bhéal Átha an Ghaorthaidh.  Ciallaíonn an deontas breise seo go bhfuil deontas iomlán de €21,000 ceadaithe don togra seo anois.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire McHugh go raibh áthas air é a chur ar fáil agus nuair a bheidh an obair críochnaithe beidh áiseanna den scoth ar fáil do phobal Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus don Choláiste Gaeilge a bhíonn ag úsáid na háite i rith an tsamhraidh.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service