12/03/2015 : An tAire Mhic Unfraidh i Londain do chlár
Iarrfaidh an tAire ar na hÉireannaigh sa RA páirt a ghlacadh in Éire 2016
Déardaoin, 12 Márta 2015—Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ag cur tús le misean trádála ceithre lá go Londain inniu mar chuid de chlár 'Éire a Chur Chun Cinn' an Rialtais.
Casfaidh an tAire le hionadaithe as comhlachtaí Éireannacha a bhíonn ag easpórtáil chun na Breataine chomh maith le gairmithe tábhachtacha gnó na hÉireann atá ag obair sa Ríocht Aontaithe ag ócáidí eagraithe ag Ambasáid na hÉireann agus Fiontraíocht Éireann.
Déanfaidh Turasóireacht Éireann, GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann agus Bord Bia an tAire a chur ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i margadh an RA agus níos déanaí inniu, seolfaidh an tAire Mhic Unfraidh an Eulogy! Survey 2015 a léiríonn go bhfuil beagnach 55,000 stiúrthóir Éireannach i gcomhlachtaí sa Ríocht Aontaithe.
Buailfidh an tAire Mhic Unfraidh le hionadaithe don phobal ealaíon atá páirteach i gcur chun cinn Yeats 2015 i Londain, agus bainfidh sí leas as a turas go Londain chun iarraidh ar mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí sa RA páirt a ghlacadh in Éire 2016, tionscnamh an Rialtais chun Éirí Amach 1916 a chomóradh.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Is é an Ríocht Aonaithe an margadh easpórtála is tábhachtaí dúinne, agus mar sin de tá an-áthas orm an deis seo a fháil le buaileadh le cliantchuideachtaí Fiontraíocht Éireann agus le príomhpháirtithe leasmhara gnó eile anseo i Londain leis an tábhacht a bhaineann le treisiú ár naisc trádála leis an Bhreatain le linn an téarnaimh gheilleagraigh a phlé.
“Téann 16% dár n-onnmhairí uile go dtí an RA agus tagann 35% dár n-allmhairí uaidh. Is é ár gcomhpháírtí trádála is mó é gan amhras. Is ionann an trádáil iomlán idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn agus tuairim is €1 billiún in aghaidh na seachtaine agus tacaíonn sé le 400,000 post, leath acu in Éirinn.
Tá ceangail trádála idir an dá thír i mbeagnach gach earnáil den dá gheilleagar agus tá sé tábhachtach go dtapófar gach deis leis na ceangail sin a threisiú.
"De réir an tSuirbhé Eulogy! is déanaí, tá an líon de stiúrthóirí Éireannacha ar chomhlachtaí RA ag beagnach 55,000 den chéad uair, méadú de 3,172 nó 6% ar 2014. Don chúigiú bliain as a chéile, is iad Éireannaigh is mó, tar éis muintir na Breataine féin, atá ina stiúrthóirí ar chomhlachtaí sa RA. Is é pobal na hÉireann ceann de na pobail is bríomhaire rathúla sa Bhreatain; níl aon ghné de shaol sibhialta, polaitiúil, pobail nó cultúrtha na Breataine nach bhfuil curtha leis ag pobal na hÉireann.
"Agus mé i Londain, beidh mé ag tapú an deis le cur chun cinn a dhéanamh ar Éire 2016, tionscnamh an Rialtais le hÉirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun cinn a chaitheamh ar an 100 bliain atá romhainn. Tá mé ag iarraidh ar phobal na hÉireann sa Bhreatain, agus ar fud an domhain, páirt a ghlacadh in Éire 2016.
"Is léir dom ón méid tacaíochta atá faighte ag Yeats 2015 anseo sa Bhreatain go bhfuil dúil mhór ann cultúr agus oidhreacht na hÉireann a cheiliúradh. Ba mhaith liom leas a bhaint as an spéis seo le linn 2016. Trí líonra ár nAmbasáid beimid ag óstáil taispeántais, díospóireachtaí agus tionscnaimh chultúrtha eile lena chinntiú gur fíor-ócáid idirnáisiúnta é Éire 2016."
CRÍOCH