12/11/2014 Éire 2016 á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh in éineacht leis an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Stáit Ó Ríordáin
Gaolta lucht 1916 chun mórshiúl míleata a threorú mar chuid de shraith ócáidí cuimhneacháin Stáit
Tráthnóna inniu (Dé Céadaoin) beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ag Ard-Oifig an Phoist leis an Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh T.D., an Tánaiste, Siobhán de Bhurtúin T.D., agus an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, do sheoladh Éire 2016, tionscnamh náisiúnta a chuimsíonn clár ócáidí le cuimhneachán 100 bliain an Éirí Amach a chomóradh.
Le hÉire 2016, faoi threoir na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, déanfar clár gníomhaíochtaí a fhorbairt, a chomhordú agus a sheachadadh chun na daoine a bhí throid agus a cailleadh in Éirí Amach 1916 a onórú agus a thabhairt chun cuimhne, machnamh a dhéanamh ar oidhreacht na tréimhse sin agus smaoineamh ar thodhchaí na tíre. Beidh roinnt ócáidí foirmeálta Stáit á reáchtáil thar dheireadh seachtaine na Cásca 2016, lena n-áirítear searmanas mílteata faoi threoir ghaolta lucht 1916 ar Dhomhnach Cásta, an 27 Márta 2016. Ar na príomhócáidí eile beidh Fáiltiú Stáit speisialta do ghaolta Dé Sathairn, an 26 Márta, agus cuimhneachán ag Cnoc an Arbhair Dé Domhnaigh, an 24 Aibreán, le dáta an Éirí Amach a chomóradh.
Tá Éire 2016 bunaithe ar chúig théama a thrasnaíonn a chéile:
- Cuimhneamh: ag tabhairt ár stair chomhroinnte chun cuimhne;
- Athmhuintearas: iad siúd go léir a chothaigh síocháin agus a thug daoine le chéile a onórú;
- Samhlaíocht: cruthaitheacht mhuintir na hÉireann, go háirithe cruthaitheacht an aois óig, a scaoileadh;
- Cur i láthair: ár ngnóthachtain a chur ar taispeáint don domhan iomlán ar bhealach cruthaitheach;
- Ceiliúradh: teaghlaigh, pobail agus cairdeas a cheiliúradh agus ár dtiomantas do hidéil an Fhorógra i ndáil le saoirse agus comhionannas a athnuachan.
Cuimseoidh Éire 2016 raon tionscnamh lena n-áirítear:
- Meabhrúcháin Bhuana: €22 mhilliún sa bhliain 2015 chun seacht mórthionscadal caipitil a fhorbairt faoin Cháisc 2016
- Ócáidí Stáit: reáchtálfar searmanais, mórshiúlta agus ócáidí d'fhonn na daoine a bhí páirteach san Éirí Amach a thabhairt i gcuimhne agus beidh na gaolta rannpháirteach sna hócáidí sin
- Clár Cultúir: Forbrófar clár saibhir cultúir i gcomhar lenár bhForais Chultúrtha Náisiúnta, an Chomhairle Ealaíon, agus Cultúr Éireann
- An tAos Óg: Ullmhófar Clár Comórtha Oideachais Speisialta in éineacht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna
- Pobail: Déanfaidh an Roinn Ealaíon clár comairliúcháin fairsing a threorú i gcomhar le rialtas áitiúil agus grúpaí pobail chun tionscnaimh ó bhonn a éascú ar fud na tíre
- An Diaspóra: Trí líonra ár nAmbasáidí, reáchtálfar cainteanna, taispeántais, seimineáir agus ócáidí cultúrtha chun Éire 2016 a chur i láthair an domhain
- Teanga: tá roinnt tionscadail á mbrú chun cinn chun an meas a bhí ag Ceannairí 1916 ar an Ghaeilge a léiriú
- Stampaí Comórtha: Eiseofar tacar speisialta stampaí comórtha agus sraith bonn freisin.
Tá tuilleadh eolais maidir le hÉire 2016 ar fáil ag: www.Ireland.ie
Beidh raon leathan de pháirtithe leasmhara i láthair ag an seoladh foirmeálta tráthnóna inniu in Ard-Oifig an Phoist, lena n-áirítear grúpaí gaolta, Bainisteoirí Contae, na Forais Chultúrtha Náisiúnta, ionadaithe d'fhorais spóirt lena n-áirítear an CLG agus Cumann Rugbaí na hÉireann, Fiontraíocht Éireann, Óglaigh na hÉireann, ionadaithe ón earnáil oideachais agus go leor leor eile.
Ag labhairt leis na haíonna, dúirt an Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh TD:
"Tugann an bhliain 2016 deis dúinn nach bhfaigheann muid ach uair amháin gach céad bliain chun ócáidí cuimhneacháin agus comórtha a chruthú atá luachmhar iontu féin ach a chuireann go mór freisin le feiniúlacht mhuintir na tíre seo, agus a chuidíonn linn cinntí a dhéanamh faoin méid a ba mhaith linn a bhaint amach dúinn féin agus do na glúine atá le teacht.
Is príomhghnéithe ár gclár cuimhneacháin iad na hócáidí foirmeálta Stáit le linn deireadh seachtaine na Cásca agus an cuimhneachán féin. Ach is gá go mbeidh i bhfad níos mó ná sin i gceist le 2016. D'fhéadfadh 2016 a chaitheamh ag tabhairt ár stair chomhroinnte ar na hoileáin seo chun cuimhne, ag déanamh machnaimh ar an méid atá bainte amach againn agus an méid ar ar theip orainn, agus ag athshamlú an todhchaí.
"Ní leor cuimhneamh leis féin chun idéil agus mórghníomhartha na bhfear agus na mban a d'fhógair ár bPoblacht a onórú. Is é an bealach is fearr leis an am a chuaigh thart a onórú ná smaoineamh go domhain agus go dáiríre ar Éire an lae inniu, an méid atá bainte amach againn a cheiliúradh, agus an dóigh ina bhféadfadh muid idéil na Poblachta mar a fógraíodh iad i 1916 a chomhlíonadh a athshamhlú."
Chuir an Tánaiste agus Aire Coimirce Sóisialta, Siobhán de Bhurtúin, lena chuid cainte:
"Níor cheart Éirí Amach 1916 a chomóradh mar ócáid aonuaire, as ar eascair stát féinrialaitheach Éireannach - tharla sé mar chuid de phróiseas a bhí fada, casta, cruthaitheach agus go minic an-phianmhar agus as a dtáinig stát nua-aimseartha na hÉireann agus Tuaisceart Éireann.
"Is céim ríthábhachtach é scrúdú criticiúil agus oscailte a dheánamh ar na blianta múnlaitheacha seo i stair Éire an lae inniu, i dtreo athmhuintearas a mhairfidh idir na pobail agus na traidisiúin éagsúla in Éirinn.
Tá mé ag súil go bhfágfar oidhreacht leis na cuimhneacháin seo, i bhfoirm ócáidí pobail ina mbeidh cumainn áitiúla staire agus eagraíochtaí pobail páirteach, trí thaighde stairiúil agus trí chur ar chumas ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta bailiúcháin a bhaineann le deich mbliana na gcuimhneachán a chur ar fáil go fairsing.
Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh, T.D. an méid seo:
"Tá Éire 2016 ceaptha le daoine a thabhairt i gcuimhne, a onórú, a spreagadh agus a ghríosú. Ba bhreá liom é dá mbeadh an tír iomlán páirteach i 2016; le chéile is féidir linn cuimhneamh ar ár stair agus í a onórú, agus muid ag smaoineamh ar an todhchaí ag an am céanna, agus ar an treo inar mhaith linn an tír a stiúradh sa 100 bliain atá amach romhainn. Déanfaidh foireann ó mo Roinnse sraith ceardlann a eagrú, contae ar chontae, d'fhonn cruthaitheacht agus gníomhaíocht a spreagadh go háitiúil.
"Beidh príomhról ag na healaíona ann; beidh mo Roinn ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus lenár bhForais Chultúrtha chun clár cuimisitheach ócáidí cultúrtha a fhorbairt, lena n-áirítear sraith ceolchoirmeacha sa Cheoláras Náisiúnta, ag ceiliúradh oidhreacht cheoil, litríochta agus chultúrtha na hÉireann.
"Tá ról speisialta á thabhairt do ghaolta na ndaoine a bhí páirteach san Éirí Amach i gcuid mhór de na príomhócáidí Stáit, mar aitheantas ar an íobairt a rinne baill a dteaghlaigh. Beidh mé ag dul i dteagmháil leis an Diaspóra trí Líonra ár nAmbasaídí agus Cultúr Éireann, lena chinntiú go mbeidh a fhios ag daoine ar fud an domhain faoi Éire 2016. Tá an uileghabhálacht ag croílár na gCuimhneachán; ba mhaith liom gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh iontu ar a mbealach féin sa dóigh is gur bliain lán samhlaíochta agus ionspioráide a bheidh ann sa bhliain 2016."
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cirt agus Dlí agus Comhionannais agus sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le freagracht speisialta as Comhionannas, Pobail Nua agus Cultúr, Aodhán Ó Ríordáin:
"Tugann an comóradh seo deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an méid a tharla san am a chuaigh thart, na saincheisteanna a scrúdú go stuama agus, le linn dúinn é sin a dhéanamh, tuiscint níos fearr a fháil ar na dálaí a spreag bunú an Náisiúin iontaigh seo.
"Is casta an stair atá againn. Bailiúchán den iliomad scéalta atá inti. Bhíodh sraitheanna éagsúla i gceist leis na scéalta sin go minic, le gnéithe a thrasnaigh a chéile agus a bhí i gcoimhlint lena chéile, rud a d'imir tionchar mór ar ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár dteaghlaigh. Go deimhin, bhí mo theaghlach féin i measc na gclann sin a buaileadh go holc.
"Déanfar iarracht lenár gcuimhneachán na scéalta sin a rá amach arís sa lá atá inniu ann. Tabharfaidh sé deis dúinn an méid a tharla a scrúdú agus machnamh a dhéanamh ar an méid a ba mhaith linn, mar náisiún, a bhaint amach sa 100 bliain atá amach romhainn - agus an cineál sochaí a ba mhaith linn a chruthú dár bpáistí."
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Tá naisc thíos chuig sraith doiciméad:
Leabhrán Éire 2016
http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/07/IRELAND2016_Broisiur.pdf
Bileog Éire 2016 - le heolas breise faoi phríomhtionscnaimh:
http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/07/IRELAND2016_EolasBreise.pdf
Meabhrúcháin Bhuana - le sonraí na seacht mórthionscadal caipitil:
http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/07/IRELAND2016_Permanent_Reminders.pdfRáiteas Tosaigh an tSainghrúpa Comhairligh:
http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/07/Advisory_Group_Statement.pdf
Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.ireland.ie