12/12/2014 : Tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 29 bPatraisc* mar bhronntanas do Thuaisceart Éireann
*Níl crainn piorraí san áireamh
Dé hAoine, 12 Nollaig—Tá sé dearbhaithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, go bhfuil 29 bpatraisc bhroinnliatha fhiáine de chuid Phoblacht na hÉireann tugtha do Thuaisceart Éireann mar chuid de thionscadal le pobal fiáin na n-éan sin a athbhunú sna sé chondae.
Is cuid de chomhthionscnamh idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann (NIEA) é an tionscadal. Fógraíodh go raibh patraiscí broinnliatha fiáine díofa i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1992.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Is tionscnamh trasteorann iontach é seo do chaomhnú oidhreacht nádúrtha na hÉireann. Tá lúcháir orm go bhfuil mo Roinnse agus an NIEA ag obair le chéile chun patraiscí broinnliatha fiáine a thabhairt ar ais go Tuaisceart Éireann. Rachaidh an tionscadal caomhantais seo chun tairbhe d'ár n-oidhreacht nádúrtha agus d'ár bhfiadhúlra, agus aontóidh sé an dá phobal agus iad ag obair le chéile le sprioc chomhroinnte a bhaint amach."
"Seo an dara trasghluaiseacht éan ó Thionscadal Caomhantais na bPatraisce Broinnléithe, atá lonnaithe ar Phortach na Buaraí, Contae Uíbh Fhailí. Mar gheall ar thrasghluaiseacht go Tuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2011, tá ag éirí go maith le pórú na patraisce broinnléithe ar thalamh feirme i ndiaidh di bheith imithe le beagnach caoga bliain. Tá súil againn go mbainfidh ár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann a gcuspóirí caomhantais amach don éan íocónach feirme seo."
Ní fhéadfaí tabhairt faoi thrasghluaiseacht na patraisce broinnléithe fiáine ach amháin gur bhain tionscadal caomhantais na patraisce broinnléithe ar Phortach na Buaraí malairt ratha amach don speicis, á mhéadú ón líon is ísle, 22 éan sa bhliain 2002, go níos mó ná 1,000 éan in 2014.
Beidh an tUasal David Sandford as Leath Cathail i gContae an Dúin, a bhfuil an-suim aige sa phatraisc bhroinnliath, ar thús cadhnaíochta an oibriúcháin i dTuaisceart Éireann. Bhí patraiscí broinnliatha fiáine le fáil go coitianta ar fheirm a athar cúig bliana is tríocha ó shin.
Tá tacaíocht faighte ag an Uasal Sandford ó na feirmeacha sa chomharsanacht, áit ina bhféadfar athruithe a dhéanamh ar chleachtais fheirmeoireachta faoin Countryside Stewardship Scheme. Mar chuid de na hathruithe sin, déanfar táirgiú bia a chomhtháthú agus bearta a éascú chun stádas caomhantais éin feirme, ar nós an phatraisc bhroinnliath, a fheabhsú.
CRÍOCH