13/12/2013 Cistiú á fhógairt ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do chur chun cinn ealaíona na hÉireann thar lear.
D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., cistiú inniu (13 Nollaig 2013) chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn thar lear sa bhliain 2014 trí rannán Cúltúr Éireann a Roinne. Áirítear air sin maoiniú d'eagraíochtaí acmhainne a chuireann scannáin, ceol agus liríocht chun cinn, chomh maith le maoiniú don Centre Culturel i bPáras agus an tIonad Ealaíona Éireannach i Nua Eabhrac.
Ag fógairt an chistithe dó, dúirt an tAire Deenihan go mbeadh fócas faoi leith ar ócáidí cultúrtha ar fud an domhain le linn tréimhse Lá Fhéile Pádraig 2014, lena n-áirítear tionscadail shuntasacha sna Stáit Aontaithe, sa tSín, sa Rúis agus sa Ríocht Aontaithe.
"Tugann an fócas ar chultúr na hÉireann le linn tréimhse Lá Fhéile Pádraig deis den scoth dúinn chun neart cruthaitheach agus ealaíonta na hÉireann a aibhsiú", arsa an tAire Deenihan. "Rachaidh sé chun tairbhe don dturasóireacht agus dár ngeilleagar. Is féile faoi leith í Lá Fhéile Pádraig mar gheall ar an dtarraingt idirnáisiúnta atá aici. Beidh muid ag oibriú go dlúth le Turasóireacht Éireann, le gníomhaireachtaí stáit a chuireann Éire chun cinn thar lear, agus lenár n-ambasáidí leis an fhéile agus an tír a chur chun cinn.
Bhí bliain thar a bheith rathúil ag ár n-ealaíontóirí thar lear i mbliana, agus leanfaidh muid ag cur leis an rath sin le linn 2014. Ba bhuaicphointí mhóra iad Féiltí Dhún Éideann le linn 2013, nuair a bhuaigh ealaíontóirí na hÉireann trí ghradam Fringe First agus gradam Herald Angel. Cuireann sé an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil ealaíontóirí agus taibhithe a ghlac páirt i bhféiltí Dhún Éideann ag fáil deiseanna breise anois trí rannán Cultúr Éireann mo Roinne".
Le linn 2014, leanfaidh Cultúr Éireann le forbairt agus neartú na dtionscnamh agus na líonraí ar éirigh chomh maith sin leo ag cur ár n-ealaíontóirí agus taibheoirí chun cinn chomh maith le cáil na hÉireann as an nuálaíocht agus as an gcruthaitheacht a fhorbairt a thuilleadh.
Ar bhuaicphointí na bliana 2014 beidh príomhchompántais amharclannaíochta Éireannacha ag déanamh cuir i láthair i Nua Eabhrac agus ag BAM, an t-ionad taibhealaíona is sine i Meiriceá, agus grúpaí ceoil thraidisiúnta ar camchuairt sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Iodáil agus an Iorua.
Le haghaidh liosta iomlán na dtionscadal a maoinítear féach: http://www.cultureireland.ie/applications/index.php?r=reports/outcomeGrants
CRÍOCH