14/10/14

14/10/2014 : Buiséad €4 mhilliún faighte ag an Aire Mhic Unfraidh do Chuimhneacháin agus bearta cosanta do 2015

Dé Máirt, an 14 Deireadh Fómhair 2014

Buaicphointí na Cáinaisnéise:

  • Fógraíodh pacáiste de €4 mhilliún le tosú ar phlean comhtháite a chur i bhfeidhm chun 1916 a chomóradh
  • Tháinig méadú ar an gciste do chaiteachas reatha den chéad uair le sé bliana anuas
  • Cosnaíodh an tacaíocht airgeadais d'ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta, tar éis roinnt blianta dúshlánacha de chiorruithe
  • Gealltanas tugtha ag an Aire Airgeadais go bhféachfaidh sé ar bhearta le borradh a chur faoin earnáil scannán agus teilifíse
  • Tá méadú de €10,000 le teacht ar an díolúine chánach d'ealaíontóirí ó €40,000 go €50,000

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil pacáiste de €4 mhilliún faighte aici do chlár na gCuimhneachán mar chuid de leithdháileadh Cáinaisnéise iomlán de €274 milliún do 2015.

Mar gheall ar an bpacáiste €4 mhilliún féadfar plean comhtháite a chur i bhfeidhm go céimneach le linn 2015 i dtreo na gCuimhneacháin in 2016, i gcomhpháirtíocht leis na príomhranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus príomhpháirtithe leasmhara eile. Tá an leithdháileadh seo sa bhreis ar an gclár caipitil de luach €22 mhilliún a fógraíodh níos luaithe i mbliana do mhórthionscadail chuimhneacháin in 2015, lena n-áirítear an t-ionad nua léirithe in Ard-Oifig an Phoist.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Ó ceapadh mar Aire mé, tá argóint láidir á déanamh agam go bhfuil infheistíocht sna healaíona ríthábhachtach, i ndáil lenár láidreachtaí ealaíonta agus cultúrtha den chéad scoth a chur chun cinn agus tacú leo, agus freisin chun tacú le poist inár dtionscadail chruthaitheacha agus trí thurasóireacht chultúrtha. Tá an Cháinaisnéis seo dírithe ar an téarnamh a dhaingniú, agus mar Aire Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta ba mhaith liom go mbainfeadh na healaíona tairbhe as an téarnamh sin agus go gcuirfeadh siad leis.

"Bhí sé ar mo phríomhaidhmeanna do Cháinaisnéis na bliana seo cistiú suntasach a fháil don chlár Cuimhneacháin. Tacóidh an €4 mhilliún a fógraíodh mar chuid de Cháinaisnéis 2015 le clár náisiúnta comhtháite d'ócáidí a bheidh le cur i bhfeidhm ag druidim le 2016, lena chinntiú go ndéanfar an tréimhse fhíorthábhachtach seo inár stair a chomóradh ar bhealach uileghabhálach, cuí agus ómósach. Anois agus cistiú faighte againn, is é an chéad chloch ar mo phaidrín ná comhairliúchán forleathan ar dhréachtchlár ócáidí agus gníomhaíochtaí a bhrú chun cinn.

"Tá an €4 mhilliún de chistiú a fógraíodh inniu sa bhreis ar an bplean caipitil de luach €22 mhilliún do na Cuimhneacháin, a leanfaidh ar aghaidh sa bhliain amach romhainn. Áirítear ar an bplean seo mórthionscadail ar nós an t-ionad léirithe nua in Ard-Oifig an Phoist, athfhorbairt Dhún Richmond agus Músaem Tionóntáin i mBaile Átha Cliath. I dteannta sin, leanfar ar aghaidh le hathchóiriú an Ghailearaí Náisiúnta, de luach €32 milliún, agus le hathchóiriú an Cheolárais Náisiúnta, de luach €6 mhilliún, agus cuirfear tús le hobair athchóirithe ar na Cartlanna Náisiúnta.

"Trí chistiú do na healaíona a chosaint, ligfear don Chomhairle Ealaíon, a fhaigheann an chuid is mó de bhuiséad mo Roinne, leanúint orthu ag tacú le heagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre ar scála mór agus scála beag araon, ó Amharclann na Mainistreach go grúpaí áitiúla. Le linn na bliana thug an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do 480 duine aonair agus 470 eagraíocht ealaíon ar fud na tíre.

"Tabharfaidh cosaint bhuiséid ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta faoiseamh do dhaoine tar éis roinnt blianta de chiorruithe deacra. Tugann an cistiú atá faighte do 2014 cinnteacht do na Forais agus ligfidh sé dóibh leanúint orthu ag mealladh na sluaite, lena n-áirítear turasóirí as thar lear agus ón bhaile.

"Tá lúcháir orm ach go háirithe gur chuir an tAire Airgeadais, Micheál Ó Nuanáin TD, in iúl go bhfuil sé i gceist aige féachaint ar bhealaí chun borradh a chur faoin earnáil scannán agus teilifíse. Tá níos mó ná 5,000 duine fostaithe san earnáil chlosamhairc in Éirinn, a bhfuil clú mór bainte amach aici go hidirnáisiúnta le blianta beaga anuas. Dá mhéadófaí an caidhp €50 milliún ar fhaoiseamh chánach ar scannáin chuideodh sin tuilleadh tionscadail idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn agus na céadta post a chruthú, agus táim ag súil leis an cheist seo a phlé go mion leis an Aire Ó Nuanáin le linn na bliana amach romhainn.

"Is aitheantas soiléir e an méadú ar thairseach na díolúine cánaí d'ealaíontóirí ó €40,000 go €50,000 den ghá atá le tacaíocht d'ealaíontóirí. Is dúshraith ár gcultúr iad ealaíontóirí agus déanann siad ionadaíocht dúinn sa bhaile agus thar lear go dearscna.

"Fágfaidh leithdháileadh buiséid na bliana seo go mbeifear in ann leanúint le tacú lenár n-oidhreacht sheandálaíochta agus thógtha, le bainistiú ár 6 pháirc náisiúnta agus 78 n-anaclann dúlra agus beifear in ann leanúint leis an gcúiteamh d'úinéirí talún a buaileadh go dona leis an Treoir ón AE maidir le hÉin agus Gnáthóga.

"Beidh tacaíocht don Ghaeilge agus d'fhorbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán go fóill in áit tosaíochta ag mo Roinn agus a gníomhaireachtaí sa bhliain atá amach romhainn. Áirítear air seo tacú le 520 post a chruthú agus le bonn fostaíochta de níos mó ná 7,000 post tríd Údarás na Gaeltachta chomh maith le hionad cultúir a fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

"Tugtar teachtaireacht láidir le Cáinaisnéis 2015 go dtuigeann an Rialtas seo luach na n-ealaíon, ár n-oidhreacht agus tacaíocht don Ghaeilge. Mar gheall ar an leithdháileadh dearfach seo do mo Roinn don bhliain 2015, beidh mé in ann leanúint ar aghaidh le roinnt mhaith de mo chuid tosaíochtaí, lena n-áirítear clár na gcuimhneachán agus rochtain ar na healaíona a fheabhsú.

CRÍOCH

Ceisteanna ó na meáin:

Oifig Preasa agus Faisnéise

Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (díreach)

Ríomhphost: press.office@ahg.gov.ie

Suíomh Gréasáin: www.ahg.gov.ie

Twitter: @DeptAHG

 

Sarah Meade

Comhairleoir Meán an Aire

Sarah.meade@ahg.gov.ie

087 662 6410

 

Nóta do na hEagarthóirí:

 

Na hEalaíona, Cultúr agus Scannán

Reatha

Déanfar clár comhtháite le hÉirí Amach 1916 a chomóradh a chur i bhfeidhm go céimneach le linn 2015, i gcomhpháirtíocht le príomhranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus príomhpháirtithe leasmhara eile.

Tá tacaíocht airgeadais do na Forais Chultúrtha Náisiúnta, lena n-áirítear Cartlanna Náisiúnta na hÉireann, an Gailearaí Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty, an Ceoláras Náisiúnta agus Gailearaí Crawford, á cosaint do 2015, tar éis roinnt blianta de chiorruithe dúshlánacha. Beidh sé mar thosaíocht ag na Forais Chultúrtha Náisiúnta le linn 2015 a chinntiú go leanann ár bhForais orthu ag mealladh daoine chucu ina sluaite, lena n-áirítear turasóirí ó thar lear agus turasóirí baile.

Caitear an chuid is mó den chaiteachas reatha do na healaíona agus do chultúr ar an gComhairle Ealaíon, agus déanann siadsan an caiteachas a thabhairt do phríomhghnéithe ár dtáirge turasóireachta cultúrtha ar nós Amharclann na Mainistreach, Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman agus Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus raon leathan d'fhéilte áitiúla.  Thug an Chomhairle Ealaíon tacaíocht i mbliana do thuairim is 120 féile bheag ealaíon i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Dá bharr sin, fostaíodh níos mó ná 7,900 ealaíontóir agus 620 teicneoir agus criú, le níos mó ná 338,000 de lucht féachana.

Aithníodh an obair thábhachtach a dhéanann siad agus iad ag tacú le luach intreach cultúir, turasóireachta agus eacnamaíoch na n-ealaíon ar fud na tíre agus léirítear é seo sa leithdháileadh do 2015, a fhágfaidh go mbeidh an Chomhairle in ann íocaíochtaí a dhéanamh le heagraíochtaí ealaíon de mhéideanna áirithe - ó fhorais náisiúnta ar nós Amharclann na Mainistreach go grúpaí beaga áitiúla - ar fud raon leathan d'fhoirmeacha ealaíne aonair agus cleachtais ealaíon.

Beidh an Chomhairle in ann cistiú a chur ar fáil d'eagraíochtaí agus daoine aonair ar fud raon leathan d'fhoirmeacha ealaíne thar chláir agus scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear camchuairteanna, féiltí, móreagraíochtaí agus sparánachtaí.

Leanfar freisin le cur chun cinn idirnáisiúnta ár n-ealaíona agus ár gcultúr trí chlár Chultúr Éireann, agus cuirfear tuilleadh tionscnaimh i bhfeidhm i ndáil le cuimhneacháin.

Caipiteal

Déanfar an cistiú aonair is mó do na hEalaíona a chaitheamh ar roinnt tionscadail chaipitil a bheidh dírithe ar aitheantas suntasach agus seasmhach a sholáthar ar Éirí Amach 1916 agus ar thús Phoblacht na hÉireann.

Áirítear orthu sin ionad cultúir/léirithe a fhorbairt in Ard-Oifig an Phoist, athchóiriú Dhún Richmond mar áis chultúir, oideachais, oiliúna, turasóireachta agus pobail, ionad nua do chuairteoirí a chríochnú ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc agus 14 Sráid Henrietta a fhorbairt mar ionad chun an saol tionóntáin i gceantar lár na cathrach thuaidh i mBaile Átha Cliath a fhiosrú.

Áirítear ar oibreacha athchóirithe ag an gCeoláras Náisiúnta athchóiriú sheomra ceadail Kevin Barry inar tharla Díospóireachtaí an Chonartha, agus cuirfidh oibreacha forbartha foirgnimh ag Ceanncheathrúna na gCartlanna Náisiúnta ar Shráid an Easpaig áiseanna taispeántais agus stórála den chéad scoth ar fáil.

 

Cuirfear níos mó ná €11 mhilliún ar fáil don Bhord Scannán, mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh chultúir agus fostaíochta de.   Is é ceann de na príomhchúiseanna a roghnaítear Éire mar láthair do scannáin an obair a dhéanann Bord Scannán na hÉireann leis an tír a chur chun cinn ag margaí idirnáisiúnta scannán agus teilifíse. Tá tionchar dearfach ag an obair seo ar thrí bhealach éagsúil - cruthaítear poist in Éirinn, caitear airgead ar earraí agus seirbhísí áitiúla agus cuirtear Éire i láthair na milliún duine i scannáin agus ar theilifíseanna ar fud an domhain.

 

Tá €9 milliún breise de chistiú á chur ar fáil le sciatháin stairiúla Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a athfhorbairt.  Cinnteoidh an tionscadal seo gur féidir bailiúcháin thábhachtacha an Ghailearaí a chur ar taispeáint agus a chosaint i bhfóram iomchuí. Táthar ag dréim leis go méadóidh líon na gcuairteoirí chuig an Ghailearaí go haon mhilliún in aghaidh na bliana nuair a dhéanfar é a athoscailt. Cuirfidh sé ar chumas an Ghailearaí freisin taispeántais idirnáisiúnta a óstáil agus, go fadtéarmach, an méid a chuireann sé le turasóireacht chultúrtha na tíre a mhéadú.

 

Oidhreacht

Reatha

Tabharfar tús áite do chomhlíonadh Threoir an AE maidir le Gnáthóga agus Éin, príomhsheirbhísí seandálaíochta agus tógtha a chothabháil agus nithe spéisiúla a bhaineann le seirbhísí do chuairteoirí i bpáirceanna náisiúnta agus anaclanna dúlra a fheidhmiú.

Díreofar ach go háirithe ar chinnte a dhéanamh go gcuirfear oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann chun cinn mar phríomhshócmhainní turasóireachta.

 

Díreoidh príomhtháirgeachtaí oidhreachta nádúrtha le linn 2015 ar oibriú pháirceanna agus anaclanna náisiúnta na hÉireann, monatóireacht ar limistéir atá faoi chosaint, agus fiadhúlra ar an taobh tuaithe a chosaint. Leanfar le cistiú d'obair eolaíochta a bhaineann le caomhnú agus tuairisciú chun oibleagáidí faoi Threoracha ón AE a chomhlíonadh.

 

Tá tosaíochtaí oidhreachta tógtha dírithe ar thacaíocht leanúnach a chur ar fáil don Chomhairle Oidhreachta mar aon leis an tacaíocht, an chosaint agus na seirbhísí comhairle a chuireann an Roinn ar fáil d'oidhreacht thógtha agus seandálaíochta na hÉireann.  Áirítear air seo ionchur beartais a thacaíonn le spriocanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht thras-Rialtais.

 

Caipiteal

Leanfar le caiteachas caipitil oidhreachta le linn 2015 a dhíriú ar dhá phríomhréimse:

(i)                 Tailte móna a chosaint

(ii)               Infheistíocht i bPáirceanna Náisiúnta

Tá cosaint Limistéir Chaomhantais Speisialta phortaigh ardaithe na hÉireann ar cheann de na hábhair is cúram don Roinn, mar aon le fíneálacha ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a sheachaint.

Leanfar le tosaíocht a thabhairt d'oibriú na scéimeanna cúitimh do lucht bainte móna agus d'infheistíocht i láithreáin mhalartacha bainte móna don lucht a gcuireann an cosc as dóibh.

 

Tacóidh infheistíocht chaipitil eile san oidhreacht thógtha le gníomhaíochtaí na Comhairle Oidhreachta, cuirfidh sé cistiú ar fáil do struchtúir atá i mbaol agus do thochailtí seandálaíochta.

 

 

An Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin

Reatha

Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag tabhairt áit tosaíochta do thacaíochtaí teanga-bhunaithe a sholáthar, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, trína Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge éagsúla.

Leanfar ar aghaidh le ciste tiomnaithe a thacóidh le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le raon ilchineálach gníomhartha. Comhlíonfaidh an cistiú sin, ar bhealach inbhraite, an gealltanas i gClár an Rialtais 2011-2016 a deir go dtacóidh an Rialtas 'leis an Straitéis agus cuirfimid na spriocanna agus na haidhmeanna insroichte atá inti i gcrích.'

 

Ina theannta sin, leanfaidh an Roinn uirthi ag tabhairt tacaíochta do ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta, an foras atá freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Leanfaidh an Roinn orainn ag maoiniú Oifig an Choimisinéara Teanga chun cur ar a cumas a ról reachtúil a chomhlíonadh.

 

Cinnteoidh an leithdháileadh do na hoileáin go leanfar le seirbhísí iompair ardriachtanais.

 

Caipiteal

Leis na hacmhainní teoranta caipitil atá ar fáil, beidh an príomhfhócas go fóill ar chabhrú le cruthú post sa Ghaeltacht trí ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta.

Fágfaidh soláthar caipitil 2015 freisin go mbeidh an Roinn in ann cistiú a chur ar fáil, ar bhonn teoranta, do chothabháil agus forbairt ionaid teanga-bhunaithe sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Beidh cistiú teoranta ar fáil freisin chun tacú le hinfreastruchtúr iompar ar na hoileáin a cothabháil.

 

Comhoibriú Thuaidh-Theas

Cuirfidh leithdháileadh 2015 ar chumas áisíneachtaí an Fhorais Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh a gcuid dualgais reachtúla leis na hacmhainní atá ar fáil dóibh i ndáil le cur chun cinn na teanga agus cultúr na Gaeilge agus na hUltaise ar bhonn uile-oileáin.

 

Leis an leibhéal de chistiú atá ar fáil do 2015 beidh Uiscebhealaí Éireann in ann a phríomh-ghníomhaíochtaí agus spriocanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear na bealaí uisce a choinneáil ar oscailt le haghaidh loingseoireachta le linn an phríomshéasúir bádóireachta.

 

Le Cáinaisnéis 2015 beifear in ann bealaí uisce intíre a fhorbairt freisin i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Chomhaontuithe Aoine an Chéasta agus Chill Rìmhinn.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service