14/10/2014 Cáinaisnéis 2015
Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte inniu (an 14 Deireadh Fómhair 2014) roimh an leithdháileadh atá beartaithe do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2015.
Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear beagnach €42 mhilliún ar fáil don Roinn sa bhliain 2015 do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, i dteannta €13.444 milliún breise don Fhoras Teanga. Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.
Dúirt an tAire Stáit: "Tríd is tríd, tá áthas orm go bhfuil an cistiú atá leithdháilte ar na fo-mhírchinn seo a bheag nó a mhór mar an gcéanna le cistiú na bliana anuraidh. Go deimhin, i roinnt cásanna, mar shampla an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, tá airgead breise á chur ar fáil. Fáiltítear go háirithe roimh seo i bhfianaise an chreata teannta buiséadaigh lena bhfuil gach Roinn ag feidhmiú chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh i ndáil le fás geilleagrach leanúnach a bhaint amach trí stuamacht fhioscach."
I ndáil leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2015, dúirt an tAire Stáit: "Tá mé cinnte go gcuirfidh an leithdháileadh seo ar chumas mo Roinne leanúint orainn ag cur ár bpríomhthosaíochtaí i gcrích agus ag cosaint seirbhísí túslíne. Ó ceapadh mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta mé, tá go leor taistil déanta agam ar fud na Gaeltachta agus chonaic mé le mo shúile féin an obair den scoth atá ar siúl sna pobail sin i gcúinsí dúshlánacha.”
Lean an tAire Stáit ar aghaidh: "Ní bheidh deireadh leis an phróiseas meastacháin inniu, agus leanfaidh mise orm ag déanamh cás láidir d'acmhainní breise sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go mbeidh na huirlisí uilig ar fáil ag an Roinn seo chun obair atá ar siúl cheana féin a chaomhnú agus chun forbairtí eile a chur ar bun amach anseo. Tá deiseanna ar dóigh ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht agus tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil an cumas ann poist a chruthú. Tá mé tiomanta go hiomlán ár gclár oibre a bhrú chun cinn i ndáil le tábhacht agus ábharthacht na Gaeilge a mhéadú agus daoine a spreagadh, idir óg agus aosta, chun an teanga a úsáid.”
Ag tagairt do Cháinaisnéis 2015, dúirt an tAire Stáit: "Ní cur chuige imscaoilte atá i gceist san cháinaisnéis seo. Tá an cháinaisnéis seo ag díriú orthu siúd is mó a buaileadh le ciorraithe agus méaduithe ar cháin roimhe seo, ar nós Gardaí, altraí, seirbhísí túslíne agus teaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam. Bhí na daoine sin ag croílár an téarnaimh agus buaileadh go holc iad mar gheall air sin. Tá sé ríthábhachtach go mbainfidh siad tairbhe as an téarnamh anois agus go mbeidh an tairbhe sin le feiceáil acu ina bpócaí féin."
Mar chlabhsúr, dúirt an tAire Stáit go gcreideann sé go gcuirfidh an soláthar d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2015.
Tá tuilleadh sonraí i ndáil leis an leithdháileadh do 2015 sna haguisíní thíos.
Aguisín 1: Meastacháin do 2015*
An Ghaeilge, An Ghaeltacht & na hOileáin (Clár C)* €41.793m (+1%)
|
An Ghaeilge, an Ghaeltacht & na hOileáin |
2014 |
2015 |
% Athrú |
|
Reatha |
32,942 |
33,076 |
+0.41% |
|
Caipiteal |
8,467 |
8,717 |
+3% |
|
Iomlán |
41,409 |
41,793 |
+1% |
An Foras Teanga (Clár D)* €13.444m (-1%)
|
An Foras Teanga |
2014 |
2015 |
% Athrú |
|
Reatha |
13,578 |
13,444 |
-1% |
|
Iomlán |
13,578 |
13,444 |
-1% |
* Tá costais riaracháin san áireamh leis na figiúirí seo.
Aguisín 2 - Miondealú ar an leithdháileadh reatha do 2015 **
| An Ghaeilge, an Ghaeltacht & na hOileáin | €000 | |
| C.3 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA | 6,100 |
| C.4 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE | 3,600 |
| C.5 | AN COIMISINÉIR TEANGA | 650 |
| C.6 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - RIARACHÁN | 8,798 |
| C.7 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - REATHA | 3,000 |
| C.9 | NA hOILEÁIN | 5,900 |
| C.10 | AN STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010-2030 | 551 |
|
28,599 |
||
| Comhoibriú Thuaidh/Theas | €000 | |
| D.3 | AN FORAS TEANGA | 13,444 |
** Níl costais riaracháin san áireamh leis na figiúirí seo (ach amháin i gcás An Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus An Fhorais Teanga).
Aguisín 3 - Miondealú ar an leithdháileadh caipitil do 2015***
| An Ghaeilge, an Ghaeltacht & na hOileáin | €000 | |
| C.3 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA | 1,422 |
| C.4 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE | 95 |
| C.8 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - CAPITEAL | 5,687 |
| C.9 | NA hOILEÁIN | 644 |
| C.11 | TEACH AN PHIARSAIGH | 750 |
|
8,598 |
||
*** Níl costais riaracháin san áireamh leis na figiúirí seo.
CRÍOCH