14/11/12

14/11/2012 €74,738 ceadaithe ag Aire Stáit Mac Fhionnlaoich T.D., d’Áras Shorcha Ní Ghuairim, Roisín na Mainiach, Carna, Co na Gaillimhe.

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go  bhfuil deontas ar fiú €74,738 é ceadaithe aige d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun cur ar a gcumas cartlann a fhorbairt in Áras nua atá faighte ar lámh acu ó Údarás na Gaeltachta ar Eastát Tionsclaíochta an Údaráis i Roisín na Mainiach, Carna, Co na Gaillimhe.

Tá i gceist go gcuimseoidh an Chartlann nua seo ábhar a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi. I measc na mbailiúchán luachmhar a ndéanfar digitiú, catalógú, seachadadh agus cur síos orthu sa Chartlann nua beidh cartlann iomlán RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh í i 1972.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil don Acadamh.  “Is sampla eile é seo den obair cheannródaíoch atá idir lámha ag an Acadamh i réimse na cartlannaithe cheana féin. Leis an chúnamh airgid atá ceadaithe cuirfear leis an stórchiste acmhainní a bhfuil fíorluach ag baint leo ó thaobh na Gaeilge. Ina theannta sin cuirfidh na seirbhísí agus an hacmhainní a eascróidh ó fhorbairt na Cartlainne seo go mór le spéis sa chultúr traidisiúnta i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.”

Dúirt an tAire Stáit chomh maith gur sampla eile an cúnamh seo de dhiongbháilteacht na Roinne agus an Rialtais araon cuidiú le cur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service