15/01/14

15/01/2014 : Seolann an tAire Deenihan tuarascáil de chuid Shainchomhairleoirí Eacnamaíochta Peter Bacon ar dhreasachtaí fioscacha maidir leis an oidhreacht thógtha i mbailte na hÉireann

Dé Céadaoin, 15 Eanáir - Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., tuarascáil inniu de chuid Shainchomhairleoirí Eacnamaíochta Peter Bacon: An Assessment of Possible Fiscal Incentives in Relation to the Built Heritage in Irish Towns.

Is í An Chomhairle Oidhreachta, atá maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil seo. Cuirtear fáilte roimh an anailís eacnamaíoch a dhéantar sa tuarascáil seo ar mhodhanna malartacha chun cosaint agus caomhnú lár stairiúil ár mbailte a dhreasú. Tá an drochthionchar atá ag dearóiliú agus ag tearcúsáid fós le brath ar lear mór de na bailte seo.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Tá dlúthcheangal ag beogacht lár stairiúil ár mbailte leis an gcosaint a thugtar do chreatlach na bhfoirgneamh iad féin. Déanfaidh mé mo dhícheall tuiscint níos leithne a chothú i leith choincheap an athnuachana bunaithe ar oidhreacht.

Is anailís eacnamaíoch dháiríre, a gcuirtear fáilte roimpi, atá sa tuarascáil seo ar na dreasachtaí fioscacha éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann do bhailte na hÉireann - agus is luachmhar an t-ionchur a dhéanann sí sa phróiseas leanúnach a bhaineann le polasaí a cheapadh sa réimse seo.

Is i rith 2014 a dhéanfar an infheistíocht is suntasaí in oidhreacht thógtha ó thosaigh an ghéarchéim reatha eacnamaíoch. Leis an leithdháileadh nua seo de €5 milliún don Scéim Spreagadh Post san Oidhreacht Thógtha - a d'fhogair mé le déanaí - beifear in ann deisiúcháin éigeandála a dhéanamh ar fhoirgnimh oidhreachta ar fud na tíre. Dreasóidh sé freisin infheistíocht a chruthóidh mórán post i ndeisiú agus i gcothabháil foirgneamh - réimse atá aitheanta mar cheann de na réimsí is mó a bhfuil dlúthshaothair ag baint leis i dtionscal na tógála."

Críoch/

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service