15/01/14

15/01/2014: FOILSÍONN AN RIALTAS PLEAN STRAITÉISEACH FADTÉARMA DO THAILTE PORTAIGH NA HÉIREANN

• Trí mhórcháipéis ina leagtar amach - den chéad uair - fís fhadtéarma do chosaint roinnt de ghnáthóga portaigh uathúla na hÉireann
• Aithnítear réimse úsáidí sa Straitéis do na tailte portaigh - baint móna san áireamh
• Cur chuige an Rialtais: spriocanna náisiúnta caomhantais a bhaint amach agus dul i ngleic le riachtanais an phobail ag an am céanna
• Gréasán phortaigh ardaithe an Limistéir Oidhreachta Nádúrtha athchumraithe chun tionchar ar 80% de lucht bainte móna a sheachaint, chun an toradh maidir le caomhnú a fheabhsú agus chun an tionchar ar an gcáiníocóir a laghdú

Dé Céadaoin, 15 Eanáir – Agus iad ceadaithe anois ag an Rialtais, tá Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tar éis trí cháipéis a fhoilsiú - Dréachtstraitéis Náisiúnta Tailte Móna, Dréachtphlean Náisiúnta Bainistíochta Limistéirí faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) ar Phortaigh Ardaithe, agus Athbhreithniú Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHA) ar Phortaigh Ardaithe.

Leagtar amach sna cáipéisí seo - den chéad uair - fís straitéiseach fhadtéarma do chosaint gnáthóg portaigh na hÉireann agus aithnítear ann freisin an traidisiún a bhaineann le baint móna. Tá na cáipéisí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne agus tugtar cuireadh don phobal breathnú orthu roimh an 18 Aibreán 2014.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Ó síníodh an Treoir maidir le Gnáthóga i 1992, ní raibh aon fhís shoiléir, fhadtéarma againn in Éirinn dár dtailte móna. Leagtar amach an fhís sin anois sna cáipéisí seo. Aithnítear go soiléir sna cáipéisí seo gur gníomhaíocht luachmhar traidisiúnta í an bhaint móna agus go leanfar léi, ach, ag an am céanna, ní mór don Stát ár n-oibleagáidí maidir le caomhnú a chomhlíonadh.

"Tá fórmhór ár dtailte móna athraithe de bharr gníomhaíocht dhaonna atá ar bun leis na céadta bliain, ach tá limistéir fós ann, ar gnáthóga ar leith iad atá faoi bhagairt.  Ar mhaithe linn uile, ní mór dúinn sampla díobh sin a chosaint agus a chaomhnú dúinn féin agus do na glúine amach romhainn.  Ní mór dúinn freisin oibriú leis na pobail a gcuirfidh na riachtanais chaomhantais ais dóibh."

Ar an gcéad dul síos, leagtar amach sa dréacht den Dréachtstraitéis Náisiúnta Tailte Móna cur chuige ar fud an rialtais maidir le bainistiú na dtailte móna - lena n-áirítear dlí comhshaoil an AE a chomhlíonadh, athrú aeráide, foraoiseacht, rialúchán tuilte, fuinneamh, caomhnú an dúlra, pleanáil agus talmhaíocht. Leagtar amach sa straitéis freisin, moltaí maidir le forbairt córas nua rialála do chonraitheoirí móna.

Sa dara dul síos, foráiltear sa Dréachtphlean Náisiúnta Bainistíochta Limistéirí faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) ar Phortaigh Ardaithe d'athchóiriú agus do bhainistiú amach anseo ar na 53 portach ardaithe SAC agus forbraíodh é mar thoradh ar rún i nDáil Éireann i mí an Mhárta 2012 a chuir an Grúpa Teicniúil chun cinn agus ar thacaigh gach ball leis d'aon ghuth. Leagtar amach sa dréacht an cur chuige maidir le conas a dhéanfar caomhnú agus athchóiriú ar gach aon cheann de na portaigh ardaithe SAC agus conas is féidir dul i ngleic le riachtanais na mbainteoirí móna. Moltar sa dréachtphlean freisin go gcuirfí roinnt de na portaigh atá faoi úinéireacht Bhord na Móna chun cinn mar limistéir cúitimh SAC mar fhreagairt ar an ngnáthóg atá caillte de bharr baint móna ó sainainmníodh na limistéir SAC an chéad lá riamh.

Ar an tríú dul síos, leagtar amach san Athbhreithniú Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHA) ar Phortaigh Ardaithe athchumrú suntasach ar ghréasán phortaigh ardaithe NHA na hÉireann chun spriocanna caomhantais a chomhlíonadh agus an tionchar ar an gcáiníocóir á laghdú ag an am céanna trína chinntiú nach gcuirtear as ach don líon is lú bainteoirí móna is féidir:

1. Cuirfidh an t-athchumrú seo feabhas ar thorthaí caomhantais trí limistéar na ngnáthóg atá i mbaol a mhéadú laistigh den ghréasán suíomhanna.
2. Cuirfidh sé as an áireamh freisin ón ngréasán na suíomhanna is mó a bhfuil móin bainte orthu, rud a fhágfaidh nach mbeidh tionchar ar os cionn 80% de na bainteoirí móna atá gníomhach faoi láthair sa ghréasán NHA ó os cionn 3,000 go thart ar 500.
3. Beifear ábalta leanúint le baint móna ar 46* NHA agus rachaidh an tAire ar aghaidh chun na suíomhanna seo a dhí-ainmniú.
4. Cuirfear deireadh de réir a chéile le baint móna ar 36* NHA thar thréimhse trí bliana agus tabharfar isteach láithreach córas ceadúnais aonair.
5. Beidh pleananna bainistíochta caomhantais in áit do na portaigh ardaithe NHA ar fad faoin mbliain 2017.
6. Molfar 25 suíomh nua i gcomhair a n-ainmnithe mar phortaigh ardaithe NHA chun áit na ngnáthóg, a chaillfear trí dhí-ainmniú na suíomhanna is mó a bhfuil móin bainte orthu, a thógáil. Tá mórán acu sin faoi úinéireacht an phobail nó is suíomhanna iad nach bhfuil mórán duine ar bith, má tá duine ar bith, ag baint móna orthu.
7. Tairgfear bearta cúitimh do bhainteoir móna ar bith a mbeidh air/uirthi stopadh de bhaint móna ar shuíomh NHA.  Beidh an cúiteamh sin cosúil leis an gcúiteamh atá ar fáil do bhainteoirí móna ar phortaigh ardaithe SAC. Cuirfear cúiteamh ar fáil láithreach do bhainteoirí gníomhacha móna ar na suíomhanna seo.

Beidh níos mó de ghnáthóg portaigh ardaithe atá gníomhach agus díghrádaithe (ar féidir é a athchóiriú) san áireamh sa ghréasán nua NHA ná mar atá sa ghréasán reatha. Mar gheall air sin, beidh féidearthacht níos fearr athchóirithe ag baint leis agus seachnóidh sé freisin cuid mhór limistéar ina mbaintear go leor móna. Cuirfear limistéir fhairsinge de thalamh de chuid Bhord na Móna, a bhfuil fiúntas caomhantais ag baint leis, san áireamh sa ghréasán NHA.
Comparáid idir an gréasán portaigh ardaithe NHA reatha agus nua
Portach Ardaithe Gníomhach (ha) Portach Ardaithe Díghrádaithe (ha) Líon Iomlán na bPortach Gníomhach agus Díghrádaithe (ha) Líon na Suíomhanna* Líon (measta) na gceapach Gníomhach móna
Gréasán Reatha NHA 284 410 694 75 3,091
Gréasán Nua NHA 290 475 765 61 518

Dúirt an tAire Deenihan:

"Má táimid ábalta ár spriocanna caomhantais a bhaint amach ar bhealach a chuireann as do níos lú daoine, agus a laghdaíonn an brú ar an gcáiníocóir, sin an cineál cur chuige praiticiúil a chreidimse atá le tógáil.

"Nuair a tháinig mise in oifig, bhí Éire ar tí dul chun cúirte san Eoraip mar gur theip orainn an dlí a chur i bhfeidhm. Ó shin i leith, tá scéim chúitimh tugtha isteach againn agus tá os cionn €7 milliún íoctha amach againn; tá Comhairle na dTailte Móna bunaithe againn, thionólamar Fóram maidir leis na Tailte Móna, agus chomhoibríomar le os cionn 2,800 bainteoir móna atá stoptha de bhaint móna ar phortaigh atá faoi chosaint.

"Anois caithfimid fís fhadtéarma a chur in áit a dhaingneoidh an dul chun cinn atá déanta againn agus a chinnteoidh caomhnú agus athchóiriú na ngnáthóg portaigh is luachmhaire dá bhfuil againn, ar céatadán beag iad dár dtailte móna. Ina theannta sin, bainfimid úsáid níos mó as an smaointeoireacht chomhleanúnach inár gcuid cinnteoireachta maidir le húsáid ár dtailte móna amach anseo agus tabharfaimid cinnteacht dóibh siúd a bhaineann úsáid astu ar mhaithe le cuspóirí éagsúla.

"Leagtar amach sna cáipéisí seo an bealach is féidir linn sin a dhéanamh trí chomhoibriú lena chéile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Chomhairle na dTailte Móna as an ról lárnach a bhí acu sa phróiseas seo agus ba mhaith liom a áitiú arís ar na páirtithe leasmhara uile a bheith rannpháirteach le mo Roinnse ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh le dul chun cinn ceart a dhéanamh."

Beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag scríobh chuig an bpobal sna seachtainí atá amach romhainn. Beidh fógraí sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service