15/11/12

15/11/2012 - €18,787 ceadaithe ag Aire Stáit Mac Fhionnlaoich T.D., do Choláiste Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD., go bhfuil deontas de €18,787 ceadaithe aige do  Choláiste Chiaráin, an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas fearais theicneolaíochta agus trealamh ranga a cheannach.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil don Choláiste seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna atá ag an gColáiste agus leis an obair thábhachtach atá ar bun acu.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service