15/11/12

15/11/2012: €9,854 ceadaithe ag Aire Stáit Mac Fhionnlaoich do Choláiste Uisce, Co Mhaigheo.

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go  bhfuil deontas €9,854 ceadaithe aige do Choláiste Uisce, Contae Mhaigh Eo, chun trealamh teagaisc a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil.  “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhónta atá ar bun ar bhonn leanúnach sa Choláiste chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga i measc lucht freastail na gcúrsaí. Is aitheantas é chomh maith ar an ról ceannródaíoch  agus dúshlánach atá á ghlacadh ag an gColáiste ar feadh i bhfad chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar,”  a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service