15/11/2012: €9,854 ceadaithe ag Aire Stáit Mac Fhionnlaoich do Choláiste Uisce, Co Mhaigheo.
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas €9,854 ceadaithe aige do Choláiste Uisce, Contae Mhaigh Eo, chun trealamh teagaisc a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhónta atá ar bun ar bhonn leanúnach sa Choláiste chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga i measc lucht freastail na gcúrsaí. Is aitheantas é chomh maith ar an ról ceannródaíoch agus dúshlánach atá á ghlacadh ag an gColáiste ar feadh i bhfad chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar,” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch