06/11/12
16/11/2012 €10,826 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich Uasal T.D., do Scoil Éinne, an Spidéal, Co na Gaillimhe
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD., go bhfuil deontas de €10,826 ceadaithe aige do Scoil Éinne, an Spidéal, Co na Gaillimhe, chun a chur ar a gcumas fuaimdhíonadh a dhéanamh ar halla na scoile.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil don scoil.