16/11/12

16/11/2012 - €11,092 ceadaithe ag Aire Stáit Mac Fhionnlaoich do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas de €11,092 ceadaithe aige do  Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun a chur ar a gcumas trealamh ríomhaireachta a cheannach.

 Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil don chomharchumann.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service