17/04/14
17/04/2014 Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €43,020 do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh
Tá fógartha ag an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas de €43,020 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh chun cabhrú leo oibreacha fheabhsúcháin a chur i gcrích ar an bpáirc peile atá acu sna Dúnaibh.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil do cheantar mar seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna caitheamh aimsire go háirithe don aos óg.