17/11/14

17/11/2014 : €18,795 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Ionad Pobail Chnoc Fola

Dé Luain, 18 Samhain 2014—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €18,795 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun cur ar a gcumas an fhadhb atá le macalla san ionad pobail a leigheas.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Coiste Forbartha Chnoc Fola an obair seo a dhéanamh. “Is ceantar láidir Gaeltachta é seo agus bíonn cuid mhór gníomhaíochtaí ar siúl san Ionad seo,” a dúirt an tAire Stáit.  “Baineann an Coláiste Gaeilge ‘An Chéad Ghlúin eile’ leas as i rith an tsamhraidh, rud a chuireann go mór le geilleagair an cheantair.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service